Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
BHÍ GLÓR NA n-óg le cloisteáil taobh amuigh de gheataí Theach Laighin agus istigh i Seomra Choiste Uimhir 3 san íoslann laistigh i dTithe an Oireachtais agus tús á chur le Seachtain na Gaeilge sa pharlaimint inniu.
Tráth den bhliain é Seachtain na Gaeilge go mbíonn polaiteoirí go traidisiúnta ag caint faoin am a chaith siad i laethanta a n-óige fadó ag foghlaim ‘cúpla focal’ ar chúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht – ach inniu bhí orthu éisteacht le glór na Gaeltachta, daoine óga atá ag súil go bhfuil todhchaí acu sa Ghaeltacht ach nach bhfuil muinín iomlán acu go bhfuil sin indéanta.
Thug toscaireacht de dhaoine óga, bean ó Chontae na Mí, bean eile ó Bhéal Feirste agus fear óg ó Árainn, agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, fianaise a raibh lom go leor agus léargas a raibh beacht ar na dúshláin atá rompu do Chomhchoiste Oireachtais na Gaeltachta, na Gaeilge agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar maidin.
Agus b’é an teachtaireacht chéanna a bhí le cloisteáil laistigh agus lasmuigh – má tá an Rialtas ag iarraidh tacú leis an nGaeltacht, ní mór dóibh tacú le tithíocht sa Ghaeltacht.
Thug Lúc Ó Floinn, arbh as Árainn do, léargas ar na deacrachtaí atá ar na hoileáin Gaeltachta mar gheall ar easpa tithíochta.
“Tá sé fíor dheacair áit a chónaithe a fháil ar Árainn mar gheall ar chead pleanála agus tá sé feicthe agam fríd na blianta an dochar a dhéanann sé,” dúirt sé.
“Múinteoirí, leictreoirí, iascairí, postanna atá ag teastáil go géar uainn, uilig imithe ón oileán mar gheall nach féidir le daoine teach a thógáil.
“Daoine le páistí óga ag iarraidh cur fúthu in Árainn, ag iarraidh teach a thógáil ar thalamh a sinsir.”
D’áirigh sé clann gaolta leis, lánúin agus triúr páiste, le gnó rathúil bunaithe ar fheamainn, nár éirigh leo cead pleanála a fháil.
“Sin trí pháiste imithe ón oileán, páistí a tógadh le Gaeilge, atá imithe óna gcairde agus óna gclann.”
An ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a thug slua go geataí na Dála chun agóid cheolmhar a dhéanamh ar son gnímh práinneach ón Aire Tithíochta. Bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, a chuir éilimh an slua i láthair i mbeagán focal.
“I 2021 gealladh treoirlínte pleanála don nGaeltacht, níl siad againn go fóill,” dúirt sé. “Tá sé anois ráite nach mbeidh siad ar fáil go 2027 – tá siad ag teastáil inniu.”
“Gaeltacht gan tithíocht, Gaeltacht gan todhchaí,” an rosc catha a spreag sé ón slua sula thosaigh siad ar véarsa de Oró Is é do Bheatha Abhaile.
Um thráthnóna beidh díospóireacht Dála le linn am na gcomhaltaí príobháideacha ar cheist na tithíochta, rún atá á mholadh ag Sinn Féin.
Tá pobal na Gaeltachta – agus na Gaeilge trí chéile – tar éis a nglór a aimsiú agus, mar a dúirt an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, ‘caithfear éisteacht!’.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say