Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English language version of the piece here.)
MÁ CHUARDAÍONN TÚ an foclóir nua Ghaeilge, ní aimseoidh tú ann an focal Ghaeilge ‘digitiúcháin’ ach is é sin an focal atá in úsáid ag an Roinn Caiteachas Poiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin mar leagan Ghaeilge ar an fhocal ‘digitalisation’ ina theideal.
Go deimhin, ar an suíomh údarásach, tearma.ie, atá ceangailte le focloir.ie, suíomh an fhoclóra nua, tugtar ‘digitiú’ mar leagan Ghaeilge den fhocal, ‘digitalisation’.
Mar sin féin, i bhfreagra ón Roinn ar fhiosrú ó The Journal, dúradh go raibh comhairle lorgtha ó Rannóg an Aistriúcháin ar an ábhar agus go raibh siad ag seasamh le ‘digitiúcháin’.
“Is é Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais atá údarásach ar reachtaíocht Ghaeilge agus An Caighdeán Oifigiúil agus a chuireann ar fáil na leaganacha Ghaeilge de theidil na Roinne,” dúradh sa ráiteas.
“Sa chomhthéacs seo agus ag cloí leis an gcleachtas de réir mar atá leagtha síos, chuir Rannóg an Aistriúcháin an aistriúcháin Gaeilge de theideal na Roinne ar fáil don Roinn níos luaithe i mbliana.
“Tá an Rannóg sásta go fóill gurb é seo an aistriúcháin ceart.”
Ní ró fhada ó shin go raibh conspóid mar gheall ar mhílitriú ar an bhfocal Béarla sa teideal agus a raibh greanta ar an bpláta práis taobh amuigh de phríomh dhoras na Roinne. Ba é ‘infastructure’ seachas ‘infrastructure’ a cuireadh ar an bpláta práis.
Mar thoradh ar thabhairt chun solais an mhílitriú Bhéarla, baineadh anuas an pláta práis (ná raibh ann ró fhada mar nár athraíodh ainm na Roinne go dtí mí Eanáir seo cáite) agus cuireadh ceann nua leis an fhocal litrithe i gceart ina áit.
Ní léir go mbeidh an toradh céanna ar nochtadh an scéil faoin fhocal Ghaeilge atá in amhras ar an bpláta práis céanna.
Is minic go mbíonn scéalta sna meáin Ghaeilge faoi chomharthaíocht le leaganacha míchearta d’fhocail Ghaeilge, gramadach atá aimscí nó mílitriú. Is minic freisin gur léir gur baineadh úsáid as meaisín aistriúcháin chun an leagan Ghaeilge den chomhartha a sholáthar agus cé go bhfuil feabhas ar thoradh na teicneolaíochta céanna le tamall, is minice ná a mhalairt go mbíonn toradh aisteach ar an ‘aistriúchán’ sin.
I ráieas ó Oifig an Choimiisinéara Teanga, dúradh go raibh laghdú de 12% idir 2022 agus 2024 ar na gearáin a fuair a oifig maidir le comharthaíocht ach thug sé le fios gur “údar díomá” go raibh 23% de na gearáin a fuarthas i 2024 ag baint le comharthaíocht.
“Ceann de na laigí is mó a fheictear le comharthaíocht ná nach gcuirtear an riachtanas teanga san áireamh nuair atá comharthaí á bpleanáil,” dúirt urlabhraí an Choimisinéara.
“Tá roinnt comhlachtaí poiblí tar éis treoirleabhair a fhorbairt mar thacaíocht dá bhfoireann a bhíonn ag plé le comharthaí lena chinntiú go bhfuil próiseas dearbhaithe cáilíochta bainteach le háireamh an riachtanais teanga i bhforbairt comharthaí.
“Tá caibideal faoi leith maidir le comharthaíocht i dTreoirleabhar na hOifige seo agus atá roinnte go forleathan agus go minic leis na comhlachtaí.”
De réir an eolais sa treoirleabhar seo, tá dualgas ar chomhlachtai phoiblí a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge cruínn ar chomharthaíocht agus má bhí mílitrithe nó earráidí eile ar leaganacha Ghaeilge de théacs ar shean chomharthaí, bhí orthu iad san a cheartú roimh 1 Márta 2012.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say