We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Pól Deeds took up his appointment as Northern Ireland's first Irish Language Commissioner in November. Colm Lenaghan

'Níl mise anseo le bheith i mo cheap milleáin' - Coimisinéir Ghaeilge nua Thuaisceart Éireann

Tá Pól Deeds dírithe ar na cleachtais is fearr maidir le cur chun cínn na Gaeilge san earnáil phoiblí bheith i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann ag deireadh a théarma cúig bliana.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here

TÁ BREIS IS mí caite ag Pól Deeds ó thosaigh sé ina phost nua mar Choimisinéar Ghaeilge Thuaisceart Éireann agus tá sé go fóill ag fanacht ar na cumhachtaí cuí atá geallta don bpost a bheith ar fáil do. 

Mar sin féin, níl Deeds, a raibh roimhe seo ina leas phríomh fheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus ina bhainisteoir ar ionad Ghaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste, An Droichead, ag déanamh aon mhoill agus é ag dul i mbun oibre. 

Tháinig a cheapacháin go h-oifigiúil díreach roimh Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste ach tar éis roinnt míonna ina raibh a ainm ós comhair an phobail mar gur sceitheadh an scéal i mí Lúnasa agus dornán míonna eile ó cuireadh tús leis an gcomórtas earcaíochta. Roimhe sin bhí moill beagnach cúig bliana le tús an chomórtais nó bhi ceapachán an Choimisinéára agus an reachtaíocht a thabharfadh cosaint don Ghaeilge agus don Albainis Uladh sa chomhaontú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ ag tús 2020.

Léiriú an mhoilleadóireacht pholatúil chomh conspóideach is atá ceist na Gaeilge ó thuaidh de bharr go bhfuil sí ina liathróid pholatúil a imríonn an dá thaobh ó thuaidh. 

Tá agallaimh go leor déanta aige chun daoine a chur ar an eolas faoi na spriocanna atá sé ag súil le baint amach le linn a théarma cúig bliana sa phost le tuarastal bliantúil de £88,000 nó €100,000.  Le linn na deireadh seachtaine d’fhreastail sé ar chruinniú le cainteoirí Ghaeilge Bhéal Feirste i gCumann Chluain Aird.   Sa chumann sin a d’fhoghlaim Pól agus go leor eile i mBéal Feirste a gcuid Gaeilge. 

Ag labhairt do le The Journal, léirigh sé go leor dóchais faoin mhéid a fhéadfadh sé baint amach ach bhí sé réalaíoch freisin agus é ag míniú gur ag bainistiú ionchais a chaitheann sé roinnt mhaith dá chuid ama faoi láthair. 

“Ag brath ar cén dream atá tú ag labhairt leo, tá daoine ag iarraidh ceap milleáin agus gan dabht tá sin i gceist le cuid de na daoine sna h-údaráis phoiblí atá reidh le rudaí a dhéanamh ach a bhfuil an leithscéal sin de dhíth orthu.

“Daoine sa saol pholatúil, go h-áirithe san earnáil aondachtach den saol mas maith leat.

Tá siadsan ag iarraidh ceap milleáin ionas gur féidir leo a rá nach bhfuil siad i bhfirinne i bhfach leis na bearta forásacha seo ag cur na Gaeilge chun cínn, ach measann siad go gcaithfidh siad sin a dhéanamh mar go bhfuil an deabhal coimisinéir sin ann.

Dúirt Deeds go raibh polaiteoirí sna pairtithe naisiúnacha ar nós an SDLP agus Sinn Féin ag súil go mbeadh an choimisinéir ábalta éilimh phobal na Gaeilge a shásamh. 

Is dócha ag an am céanna go mbeidh mé ag cur díomá orthu siúd ar fad mar, uimhir a haon, ní hé go bhfuil mise anseo le bheith i mo cheap milleán,  ní liomsa an reachtaíocht.

“Ní mise a scríobh isteach sa dlí go gcaithfidh muid úsáid na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú nó a mhéadú.

“Beidh mé ag glacadh le sin go pointe agus tuigim go bhfuil sin i gceist leis an ról ach beidh mé ag cur i gcuimhne do dhaoine go bhfuil mé ag cur an dlí i bhfeidhm.”

Dúirt sé nach é a ról ach an oiread bheith ina ‘shlanaitheoir’ ar an nGaeilge ná ina ‘ionadaí ar phobal na Gaeilge’.  

“Ní sin an ról atá agam le fírinne ach oiread, tá mise anseo le bheith ag riar ar an sochaí ar fad anseo agus ar an Stát,  is ionadaí mé don Stát seachas ionadaí do phobal na Gaeilge.

Cé go mbeidh mé ag cuidiú le pobal na pobal na Gaeilge ins an méid is go mbeidh mé ag cur úsáid na Gaeilge chun cínn ins an saol phoiblí agus, ar ndóigh, tá sin ina chroí éileamh ag pobal na Gaeilge.

Bíodh is nach bhfuil a chumhachtaí ar fáil do go fóill, tá go leor le déanamh aige, níl sé sin ag cur bac ar dul i mbun oibre. 

“Cheana féin tá an Roinn Pobail ag iarraidh orm ionchur a bheith agam ar an straitéis. Tá sin iarrtha acu cé go bhfuil daoine áirithe ar na meáin shóisialta ag rá faoi láthair nach bhfuil cumhachtaí ar bith agam.

‘Cé go bhfuil sin fíor go pointe i dtaca leis na hórdaithe um thosach feidhmiú, ag an am céanna, tá an Roinn Pobail ag iarraidh orm ionchur a bheith agam sa straitéis sin.

‘Tá na cúirteanna ag iarraidh orm ionchur a bheith agam i gceann de na cásanna ar a laghad atá acu faoi láthair.”

Conspóidí ar bhínse an Choimisinéara

Tá conspóid faoin gcomharthaíocht dhá theangach atá á lorg ag Conradh na Gaeilge don Mhór Staisiún Lárnach/Grand Central Station i lár Bhéal Feirste agus an Roinn Pobail ag tacú, dealraíonn sé, le seasamh an aondachtóra Jamie Bryson, atá ag cur i gcoinnibh cinneadh Aire Bhonneagair Shinn Féin, Liz Kimmins, ordú a thabhairt don gcomhlacht iompair comharthaíocht dá theangach, Gaeilge/Béarla, a chuir in airde ann.

Prata te eile ós comhair na gcúirteanna isea an easpa straitéise Ghaeilge ag an Fheidhmeannas.  Don tríú uair tá Conradh na Gaeilge ag cur an dlí ar an Roinn Pobail mar gheall ar easpa straitéis Ghaeilge atá geallta ag an Fheidhmeannas agus atá siad ceangailte le cur ar fáil.   

Cé go bhfuil amhras ar go leor cainteoirí Ghaeilge go bhfuil an doicheall atá ag an DUP don Ghaeilge is údar leis an mhoill – agus tá Gordon Lyons ón DUP ina Aire Pobail – ní thagann Deeds leis an tuairim sin. 

“Tuigim cén fáth a ndéarfadh daoine sin agus tá cuid den ceart acu ach thig liom an  príomhphointe atá agat ansin atá daoine eile a rá faoi sin, thig liom é sin a bhréagnú.

“An sampla is fearr de sin go bhfuil an Roinn Pobail faoin Aire Lyons ar an roinn is gníomhaí ag teacht i dteagmháil liom agus ag iarraidh comhairle uaim.

“Luíonn sé sin le ciall mar is iad atá i mbun na straitéise faoi láthair agus ní raibh fadhb ar bith agam bheith ag obair le leis na hoifigigh is sinsearaí sa Roinn.”

Tá teagmháil déanta ag an Aire Bonneagair, Liz Kimmins, leis freisin agus tá suim ar leith ag Deeds, a raibh cúram na seirbhísí oideachais air agus é ag Foras na Gaeilge agus a chaith seal ag bainistiú Scoil an Droichid agus é sa ról sin, i gcúrsaí oideachais. 

“Tá mé i ndiaidh cruinniú a iarraidh leis an Rúnaí buan ins an Roinn Oideachais mar ba mhaith liom ceisteanna ceisteanna a bhaineann le soláthar Gaeloideachais a phlé leo.

“Mar Coimisinéir Teanga a bheith ag iarraidh ar údaráis phoiblí níos mó seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, tá mé buartha nach mbeidh an córas oideachais mar atá ag soláthar go leor daoine a bhfuil Gaeilge acu.”

Ceisteanna faoi riar BBC TÉ ar phobal na Gaeilge

Ag Scoil Gheimhridh Ghearóid Uí Chairealláin a reachtáladh le déanaí i gCultúrlann McAdam Ó Fíaich, tógadh ceist de bharr nach bhfuil aon clár nuachta as Gaeilge ar BBC Thuaisceart Éireann (BBC TÉ) nó ar BBC Ráidió Uladh agus deineadh an comparáid le BBC Alba mar a bhionn clár nuachta as Gaidhlig gach oíche ó Luan go hAoine agus clár cúrsaí reatha as Gaidhlig ar an Domhnach. 

Dúirt Deeds, a raibh i láthair ag an ocáid, go mbeadh sé ag déanamh teagmháil leis an gcraoltóir, agus ag labhairt le The Journal, dhearbhaigh sé go raibh sé tar éis scríobh chuig ard stiurthóir BBC Thuaisceart Éireann, Adam Smyth.

Léiriú é seo ar chomh toiltheanach is atá sé freagairt d’éilimh an phobail.  Ar ndóigh, is cuid de phobal Ghaeilge Bhéal Feirste é, tuigeann sé na h-éilimh da bhrí sin. 

Cad ar mhaith leis bheith bainte amach aige nuair a bheidh deireadh lena théarma cúig bliana? 

Dúirt sé go raibh cúpla slí chun an cheist a fhreagairt ach, ag labhairt go pearsanta, dúirt sé go mbeadh sé sásta “gan athrú ar bith a fheiceáil go dtí an cúigiú bliain”.

“Agus insan cúigiú bliain go mbeadh athrú iomlán ar aghaidh na seirbhísí poiblí anseo.

“Is é sin le rá ag déanamh gach rud ar bhonn chomh céimnitheach agus is féidir go dtabharfaidh mé an méid is mó daoine liom agus is féidir.”

Dúirt sé ná raibh sé de rún aige, mar shampla, na caighdeáin dea chleachtais a bheith foilsíthe fiú laistigh dá chéad bliain sa ról. 

“Tá muid ag caint ar dheireadh na bliana seo chugainn sula mbeidh siad sin réidh agus an fáth a bhfuil mé ag déanamh sin ná go bhfuil mé ag iarraidh caidreamh a thógáil le daoine.

“Tá mé ag iarraidh an méid is mó teannais a bhaint amach as ceist na mionteanga anseo agus is féidir.

Ach ag deireadh na bliana sin, beidh na caighdeáin dea-chleachtais, na caighdeáin a bhaineann leis an cleachtas is fearr sin an rud atá sa reachtaíocht, againn.

“Níl mé ag iarraidh caighdeán a bhaineann le dea-chleachtas, táim ag iarraidh caighdeáin a bhaineann leis an cleachtas is fearr.”

Dúirt sé go raibh a fhios aige cad iad na caighdeáin is fearr go h-idirnáisiúnta agus sin iad na caighdeáin a raibh á lorg aige freisin.

Is cinnte gur sprioc uaillmhianach é sin ag an Choimisinéir Ghaeilge nua agus tuigeann Deeds é sin go maith. Ni bheadh sé tar éis cur isteach ar an bpost murar shíl sé go bhfeadfadh sé athru ó bhonn a chur i gcrich. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds