We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Oisín Mistéil abea an Garda O'Dowd, Eleanor O'Brien i ról Peggy Casey agus Moe Dunford abea an bleachtaire Frank Ryan i radharc ó Báite MARTIN MAGUIRE

Mistéir agus dunmharú cois locha ag croí an scannáin Ghaeilge is déanaí inár bpictiúrlanna

Is fiú dul chuig Báite, an scannán is déanaí ón scéim a thug An Cailín Ciúin is Kneecap dúinn.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

LÁR NA SEACHTÓIDÍ atá ann, táimíd i sraidbhaile beag i ngleann locha i gcroí lár na hÉireann agus faightear corp bhean óg san uisce cois na trá.   Cé h-í, ar maraíodh í, cé rinne é? 

Is é seo tús an scéil i Báite, scannán nua Ghaeilge atá le feiscint i bpictiúrlanna na tíre an tseachtain seo agus an naoú scannán atá éisithe faoin scéim céanna a thug An Cailín Ciúin dúinn, scéim Cine 4, comhfhiontar idir TG4, Fís Éireann agus Northern Ireland Screen.

Is dócha go bhfuil tú tar éis a dhéanamh amach fán am seo gur scannán Ghaeilge atá ann.  Ba leid ‘An Cailín Ciúin’, an chéad scannán Ghaeilge a fuair ainmniúchán do Oscar i 2023, narbh é!

Bhuaigh All Quiet On The Western Front, scannán Gearmáinise, an ghradam don Scannán Idirnáisiúnta an bhliain sin.  Scannán le buiséad margaíochta €20m abea é agus bhí sé ainmnithe ar an ngearrliosta don scannán is fearr freisin. 

Léiríonn sin an pointe go bhfuil scannáin nach í Béarla a dteanga ag tarraingt níos mó airde go h-idirnáisiúnta agus i 2020 bhuaigh Parasite, scannán ón gCoiré agus i gCoiréise an Oscar don Scannán ab fhearr. Níor thárla sé seo riamh roimhe. 

Bhí caint ann anuraidh go mbeadh seans ag scannán Kneecap i rannóg na scannáin idirnáisiúnta ach níor éirigh leis an ghearrliosta a bhaint amach.  Gach seans go mbeadh deacracht ar na buachaillí cead isteach a fháil ar aon nós, i bhfianaise nach mbeadh Donald Trump ró shásta lena gcuid ráitis.

EclipsePicturesIE / YouTube

Tá eagla orm a rá nach dóigh liom go mbuafaidh an scannán seo, Báite, aon Oscar, i mo bharúil.  Ní hé nach scannán maith é – bhaineas an taithneamh as, déarfaidh mé amach é.  Go deimhin, tá go leor le moladh ann. 

Tá an scriopt go maith.  Bionn an friotal idir na carachtair inchreidte.  Tá an scéal suimiúil is tarraingteach.  Is amhlaidh go raibh plean ag an Bórd Soláthar Leitreachais (ESB) an ghleann seo, Gleann a’Phúca, a chuir faoi uisce le h-aghaidh damba a thógail chun cumhacht a ghiniúint do ‘Jeaicíní Bhaile Átha Cliath’. 

Mhothófá go bhfuil muintir an bhaile seo atá suite in oirthear na Gaillimhe ar nós muintir aon bhaile bheag in Éirinn, níl siad ceanúil ar na Jeaicíní.  Leagtar béim ar an ndoicheall sin arís ag deireadh an scannáin, tá muintir an bhaile istigh sa tábhairne agus iad ag ceiliúradh nuair atá Ciarraí ag buachaint ar Bhleá Cliath  ar Chraobh na hÉireann.

Thar nais go dtí an loch. Sara cuireadh an gleann faoi uisce, bhí orthu na coirp a bhí sa reilig a bhogadh go suíomh nua.  Obair ghranna gan amhras.  Thárla rud éigean mar an gcéanna i nGleann na Laoi i gCorcaigh sna 5oí nó cuireadh gleann faoi uisce ar mhaithe le leictreachas a sholáthar do Chorcaigh. 

An corp a fuarthas ar bhruach an locha, scór bliain níos déanaí b’fhéidir, ceapadh ar dtúis gur corp a raibh ann nár bogadh an uair sin ach de réir a chéile faighimíd amach gur bean óg abea í a raibh ina cónaí sa cheantar ach a chuaigh ar imirce, dúradh, ag an am a thárla an díle.   Is cosúil gur dúnmharaíodh í.    

Tá amhras ann gurb é an fear a phoist, Colmán (Pádraig Ó Loingsigh), a mharaigh í. Bhí sé i ngrá léi. Ach bhí fear eile ag cur dúil intí freisin – saighdiúir Meirceánach – agus bhí sí tógtha leis.   

Is í Peggy (Eleanor O’Brien) an bean a tí i dtabhairne Caseys ar bhruach an locha. Is maith leí dul ag snámh ann.  Tá a deartháracha agus a deirfiúr ag iarraidh a gcosa a thabhairt leo ó Ghleann a’Phúca agus ba mhaith leo an tábhairne a dhíol.  Ceapann Peggy go bhfuil seans ann an tábhairne a fhorbairt mar ghnó fhiúntach. 

Tagann an bleachtaire Frank Ryan (Moe Dunford) go Gleann an Phúca chun an dúnmharú a fhiosrú.  Tá sé ag fánacht i dTí Casey.   Is mó ná uisce tánaí an plota anois, is anraith te bruite é. 

Tá na snathaidí scéil seo go léir ceangailte agus beidh gach rud ar eolas agat faoi dheireadh an scannáin a mhaireann timpeall ar 100 noimead.

Siopa na Rún

Tá páirt tábhachtach freisin ag an sagart paróiste (Denis Conway) agus ní bheadh a fhios agat cén eolas a bhfaighfeá dá dtabharfá cuairt ar Shiopa Uí Ghrógáin sa sráidbhaile. Is ansan atá Muintir Ghruagáin (Aonghas Óg McNally agus Tara Breathnach)  ag díol na n-earraí – agus ag faire amach chun seoid cúlchainte a aimsiú. 

An chead rud a chuaigh i bhfeidhm orm faoin scannán seo ná an oscailt dhramatúil álainn agus an ceamra ag eitilt isteach sa ghleann is ceolrian Emer Noone is Craig Stuart Garfinkle ag seinnt sa chúlra.  Ansan téimíd faoi uisce an locha áit a bhfuil fothrach do shean seipéal agus uaigheanna.   

Rug an stiurthóir, Rúán Magan, agus a chriú greim ormsa pé scéal é ón bpointe sin agus leanann an scéal ag sní leis go réidh ón bpointe sin.  Tá go leor den ‘bhfís’ ann agus go leor stíl – ach ní théann sé thar fóir.

 Tá lochtanna ar an scannán – agus mar chainteoir Ghaeilge, bím ag faire amach do bhotúin teanga, earráidí gramadaí, canúintí aisteacha is a leithéid.  Maith dhom é, is saghas spórt é.   

Thug mé cúpla ceann faoi ndeara, gan amhras.  Agus bhí mé chun iad a lua – ach nár rith sé liom gur beag seans go ndéanfainn seo i léirmheas faoi scannán as Béarla. Anuas ar sin ní ligfeadh an náire orm sin a dhéanamh – is dócha go bhfuil fuíollach botúin gramadaí is litrithe san alt seo!  Maidir le scannáin as Béarla agus údair gearáin, bheinn ag caint faoi phoil sa phlota nó droch aisteoireacht nó eifeachtaí ná raibh chomh speisíalta.  

Bionn droch chaint, gramadach mí chruinn is gach rud i scannáin Bhéarla agus ní thugtar suntas ar bith do ach de bharr gur scannán as Gaeilge atá ann, caithfear an spotsholas a leagadh ar earráidí gramadaí.  

Ní doigh liom go mbionn na moltóirí do ghradaim idirnáisiúnta ag cur gramadach na Gaeilge san áireamh ina gcuid reicneáil.   

Tuigim, áfach, gur féidir le mionrudaí aird a bhaint ón scéal agus frustrachas a chuir as corr dhuine sa lucht féachana agus ní mór bheith airdeallach go luíonn na h-eilimintí le chéile go compórdach, gan ceann acu bheith cur isteach ar a gceilí leapan. 

Seo an 9ú scannán ó thosnaigh Cine 4. Nior bhain mé an oiread céanna taithnimh as gach ceann acu. Tá seo nios giorra do bharr an liosta ná don mbun.  

Is fiú dul ar chuairt go dtí an pictiúrlann le h-aghaidh Báite.  Ba cheart go mbainfeá taithneamh as.  Tá tuilleadh scéalta le h-insint ag an stiurthóir talannach seo agus an chomhlacht léirithe, Danú Media, agus táim ag súil leo.  

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds