Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
FAOI DHEIREADH THIAR, tá Bluey, an réalt is mó ar domhan b’fhéidir, tar éis Gaeilge a fhoghlaim agus beidh sí le feiscint ar scáileáin theilifíse na hÉireann go luath.
Coileáinín ón Astráil is ea Bluey agus tá an chartún ina bhfuil sí ina réalt ann ar bharr na gcairteacha ar fud na cruinne agus beidh sraith nua 26 cláracha ag tosú ar RTÉ Kids ar an Luan seo chugainn. Agus gealltar tuilleadh eagráin le Bluey ina dhiaidh sin.
Tá an coileáinín ag teacht sna sála ar liosta fada gcarachtairí cartúin agus puipéid atá líofa sa Ghaeilge ag dul siar go Dáithí Lácha sna 1960idí. Ó shin bhí Boscó, Tomás an Traeinín agus a Cháirde, Peppa Muc agus SpongeBob againn ar ár scáileáin!
Is mór an spóirt í Bluey agus baineann an lucht féachana óg an taitneamh nuair a fheiceann siad í ag spraoi sa bhaisteach nó ag imirt cruicéid. Cá bhfios ach go mbeidh clár ann agus Bluey ag camógaíocht amach anseo agus an coileán tar éis Gaeilge a fhoghlaim?
Tá deirfiúr ag Bluey — Bingo is ainm di — agus bíonn siad ag súgradh lena gcáirde, leithéidí Rusty, Dusty, Snickers agus go leor eile. Tá athair Bingo agus Bluey, Bandit, ag obair ón mbaile agus bíonn seisean ar a mhíle dícheall ag tabhairt aire don mbeirt nó tá a máthair, Chilli, fillte ar an obair.
Craoladh Bluey san Astráil an chéad lá riamh in 2018 agus tá na milliúin lucht leanta meallta ag an tsraith ar fud an domhain ó shin agus í anois ar cheann de na sraitheanna teilifíse beochana is mó a mbreathnaítear uirthi ar fud na cruinne. Ní hamháin go bhfuil lucht féachana ollmhór ag Bluey go hidirnáisiúnta, ach tá go leor gradaim buaite ag an sraith, ina measc gradaim BAFTA agus Emmy.
Ba é an seó is mó ar sruthaíodh é sna Stáit Aontaithe in 2024 agus in 2025 (Nielsen). Ba é Bluey an seó leanaí is mó a féachadh air ar RTÉ Player in 2025 agus tá sé sin fíor fós in 2026. Is é an seó is mó a bhféachann leanaí air freisin ar CBeebies agus ar Disney+ sa Ríocht Aontaithe.
Tá RTÉ lán sásta go bhfuil Bluey chun a bheith ar fáil ar a gcainéal do pháistí, in éineacht le carachtairí eile cartúin atá ar fáil trí Ghaeilge, leithéidí Tomás agus a Cháirde (Thomas the Tank Engine and Friends) agus Peppa Muc (Peppa Pig).
Dúirt Dermot Horan, stiúrthóir fáltais agus comhairliúcháin an stáisiúin, go raibh “ríméad ar RTÉ a bheith in ann rogha a thabhairt dár lucht féachana níos óige féachaint anois ar Bluey, an seó réamhscoile is mó éilimh ar domhan, as Gaeilge”.
“Is cuid dár straitéis é seo uile na brandaí is mó do leanaí a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do leanaí i nGaeilge agus i mBéarla araon.”
Tá Bluey, sraith atá anois á dháileadh go domhanda ag Disney, guthaithe i nGaeilge ag aisteoirí as Conamara: Gráinne Bleasdale i bpáirt Bluey, Laoise Ní Nualláin i bpáirt a deirfiúr beag Bingo, Meadhbh Ní Eidhin i bpáirt a máthair, Chilli, agus is é Pól Ó Gríofa (Mack ó Ros na Rún) atá i ról Bandit, an daidí.
Cuirfidh tuismitheoirí fáilte roimh Bluey bheith ar fáil ar RTÉ KIDSjr — is “spás sábháilte” gan fógraí é an cainéal sin — agus freisin ar sheinnteoir RTÉ nuair atá sé sa mhódh sábháilte.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say