Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TAR ÉIS GUR caitheadh sé mhí gan cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge tar éis gur toghadh iarshealbhóir an phoist, Catherine Connolly, ina hUachtarán, cheap an Taoiseach, Mícheál Martin, an dara cathaoirleach ar an gcoiste laistigh de choicís.
Is é Séin Ó Múineacháin ó Bhaile Átha Cliath Lár Thiar a bheidh ag teacht i gcomharbacht ar a chomhghleacaí ó Chill Dara Thuaidh, Naoise Ó Cearúil, a ceapadh é féin sa phost coicís ó shin tar éis tréimhse fada a chaitheamh ina chathaoirleach gníomhach.
Thosnaigh rince na gcathaoirleach an tseachtain seo tar éis gur éirigh an Teachta Dála ó Fhianna Fáil, Malcolm Byrne, as a chathaoirleacht ar an gCoiste um Intleacht Shaorga an tseachtain seo caite. D’éisigh an TD ó Chill Mhantáin/Loch Garman ráiteas ag dearbhú gur stop na Gardaí é de bharr go raibh siad amhrasach go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil.
Thug sé le fios go raibh sé ag éirí as an chathaoirleacht ar an gCoiste Um Intleacht Shaorga ‘gan dochar’ don phróiseas dlí.
Tá Ó Cearúil ceaptha ina chathaoirleach ar an gCoiste um Intleacht Shaorga i gcomharbacht ar Byrne agus d’fhág sin folúntas le líonadh ag an gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht is do Phobal Labhartha na Gaeilge.
Dúirt Ó Múineacháin gur áirigh sé mar phribhléid é bheith ainmnithe ag an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gComhchoiste. “Is cuid thábhachtach de mo shaol í an Ghaeilge agus táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le mo chomhleacaithe ar an gComhchoiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn,” dúirt sé i ráiteas ar a chuid ardán meáin shóisialta.
Beidh eagrais Ghaeilge buíoch nach raibh feitheamh chomh fada don cheapachán seo agus a bhí d’ainmniú Uí Chearúil don bpost. An fáth a raibh leis an moill an chéad uair nach raibh aon ball den ngrúpa a raibh an tUachtarán Connolly ina ball de le Gaeilge líofa go leor chun an folúntas a líonadh.
Agus é ag labhairt i nGaeilge le The Journal, dúirt Ó Múineacháin go raibh trí thosaíocht aige chun solas a leagadh orthu agus é ag dul i mbun an chúraim – níos mó deiseanna ann do theaghlaigh oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí, beartais nuálacha i leith na Gaeilge agus go mbeadh níos mó fócas ar an ngnó trí Ghaeilge.
“Ar an gcéad dul síos caithfimid díriú ar an meánscolaíocht agus scolaíocht ag an tríú leibhéal a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge,” dúirt sé, ag rá nach raibh an fáil chéanna ar mheánscolaíocht trí mheán na Gaeilge agus a bhí ar an mbunscolaíocht.
Dúirt sé go bhféadfaí iarracht a dhéanamh ar scoileanna atá ann iad féin a thiontú ina scoileanna a chuirfeadh oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge ach dúirt sé freisin go mbeadh brú á chur ar an Roinn Oideachais na dualgais a bhí ar an roinn a chomhlíonadh.
“Más gá, reachtaíocht a chur ar bun – é sin a dhéanamh.”
Tá sé ráite ag an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton, le déanaí nach bhfuil plean ag an roinn a thuilleadh bunscoileanna nó meánscoileanna lán-Ghaeilge a thógáil go ceann cúig bliana agus tugadh chun solais le déanaí go raibh easnamh sa bhreis ar €600m sa roinn.
“Ní hé an t-aon réiteach ar an bhfadhb seo ná scoileanna nua a thógáil,” dúirt sé.
“Caithfimid anois féachaint ar conas gur féidir scoileanna a spreagadh chun iad féin a thiontú ina scoileanna lán-Ghaeilge agus an bhfuil orainn smaoineamh ar an gcur chuige sin?
“Tá a fhios againn go bhfuil éileamh láidir ann do scolaíocht trí mheán na Gaeilge agus ceapaim go gcaithfimid suí leis an roinn ag féachaint ar conas gur féidir seo a chur ar aghaidh.”
Mhol Ó Múineacháin an obair nuálach a bhí ar bun ag grúpaí ar nós Gaeilge 365 chun an teanga a chur chun cinn sa phríomhchathair agus dúirt sé freisin go raibh sé tábhachtach tairbhe an dátheangachais a léiriú do ghnólachtaí ar fud na tíre.
“An ráiteas físe atá agamsa don choiste ná conas is féidir linn tír a chruthú ina bhfuil duine atá ag iarraidh a shaol a chaitheamh trí Ghaeilge ábalta é sin a dhéanamh.”
Ina ráiteas ag cur fáilte roimh a cheapachán mar chathaoirleach ar an gCoiste um Intleacht Shaorga, dúirt Ó Cearúil go mbeadh sé féin ag leanúint lena bhallraíocht den gComhchoiste Gaeilge agus go mbeadh sé ag leanúint le beartais ar leith atá aige maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say