Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is by our Gaeltacht team. You can read an English version here.)
BHÍ CEOL TRAIDISIÚNTA agus blaiseadh láidir an charnabhail ag baint le hócáid cheilliúrtha taobh amuigh de Halla na Cathrach inné agus pobal Gaelach Bhéal Feirste ag ceiliúradh polasaí nua teanga a thacaigh móramh na gcomhairleoirí leis i vóta cinniúnach an tseachtain seo cáite.
Mhínigh an ghníomhaí teanga Fheirsteach agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur aithin pobal Ghaeilge na cathrach gur cloch mhíle stairiúil don chathair abea an vóta ar son polasaí teanga Bhéal Feirste, vóta a fuair tacaíocht níos mó ná dhá thrian na trí scór comhairleoir atá tofa sa chathair.
Tharla léirsiú na seachtaine seo tar éis go raibh go leor tuairisceoireacht sna sála ar an vóta dírithe ar bhagairtí a rinne grúpa paraimiliteach dílseach, an UVF, go loiscfídís áitreabh agus feithiclí na Comhairle dá mbeadh comharthaíocht dhá theangach le feiceáil orthu.
“Bhí tacaíocht leathan, bhí 42 comhairleoir ar son an pholasaí, agus dar linn bhí sé tábhachtach sin a léiriú agus an ceiliúradh sin a dhéanamh.
“Ag an am céanna bhíomar ag iarraidh teachtaireacht láidir a chuir go dtí cuid de na daoine seo atá i mbun bagairtí agus eile, nach ngéillfimid nuair atá na bogaí seo idir lámha, seasfaimid an fód, go bhfuil tromlach linn, go bhfuil daoine ar son seo, go bhfuil Béal Feirste níos mó agus níos mó ina cathair dá teangach.
“Tá Oireachtas na Gaeilge ag teacht anseo, tá a lán rudaí ag tarlú agus nílimid chun culú mar gheall ar cuid de na guthanna antoisceacha seo ar an imeall.”
Cuid mhaith de na grúpaí a raibh páirteach sa cheiliúradh Déardaoin, tá siad ag brath ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus cé gur fógraíodh ardú de €2m ar mhaoiniú an institiúid teanga tras teorainn ar an Mháirt, tá sin ag brath ar Roinn na gComhphobal ó thuaidh maoiniú €25 a chur le gach €75 ó Rialtas Bhaile Átha Cliath.
Anuraidh bhí géarchéim maoinithe ag Foras na Gaeilge mar gheall go raibh coimitmintí ó thaobh pinsin agus arduithe tuarastail ag an eagras nach bhféadfaí a chomhlíonadh gan bhearna suas le €800,000 a fhágáil sa mhaoiniú a bheadh ar fáil chun dáileadh ar ghrúpaí éagsúla.
Dhiúltaigh an Roinn Chomhphobail, atá faoi cheannas an Aire Gordon Ly0ns ón DUP, cead a thabhairt do Rialtas Bhaile Átha Cliath airgead breise a thabhairt don Fhoras
Dúirt an Aire Gaeltachta an tseachtain seo go raibh iarrachtaí ar bun an ghéarchéim céanna a sheachaint i mbliana agus go raibh cainteanna ar bun leis an Aire Lyons agus oifigigh a Roinne ar an ábhar.
I bhfreagra ar ár bhfiosrú, dúirt an Roinn Chomhphobail tráthnóna go raibh oifigigh na Roinne ag plé le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas “ar gach ábhar”.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say