Tá sé mar aidhm ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh bota comhrá le Gaeilge ar fáil roimh dheireadh 2026 Alamy Stock Photo

Ar mhaith leat seirbhís poiblí as Gaeilge? Tá bota comhrá nua chun do cheist a fhreagairt!

Más cainteoir Ghaeilge tú ag lorg seirbhís phoiblí amach anseo, b’fhéidir go dtabharfar cuireadh dhuit dul chun cainte le bota comhrá IS a labharfadh leat as Gaeilge.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

D’FHÉADFADH CAINTEOIRÍ GAEILGE a bheith ag baint úsáide as botaí comhrá a bheadh á dtiomáint ag intleacht shaorga chun freagraí a fháil as Gaeilge maidir le seirbhísí poiblí atá á lorg acu faoi dheireadh na bliana seo.

Tá na botaí comhrá Gaeilge a chuirfeadh na seirbhísí seo ar fáil luaite i measc dornán úsáidí i dtuarascáil a choimisiúnaigh an aisíneacht forbartha Gaeltachta ón gcomhlacht comhairliúcháin EY (Ernst & Young). Seoladh an tuarascáil seo, dar teideal IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, an tseachtain seo caite.

“Is é an aidhm atá ag Údarás na Gaeltachta uirlis IS guth go guth cruthúnais choincheapa a sheoladh don earnáil phoiblí faoi dheireadh 2026, agus suíomhanna tástála roghnaithe a úsáid chun triail a bhaint as leagan píolótach agus chun measúnú a dhéanamh ar an réiteach i suíomhanna dáiríre,” deirtear sa tuarascáil.

I measc na mbealaí eile a mholtar sa tuarascáil go bhféadfaí úsáid a bhaint as intleacht shaorga trí Ghaeilge, tá sé molta sa tuarascáil go mbeadh éileamh ann le haghaidh botaí comhrá a dhéanfadh comhrá le duine atá ag iarraidh snás a chur ar a chuid Gaeilge labhartha agus go mbeadh úsáid eile ann chun tacú le daoine oideachas a chur orthu féin bunaithe ar a suimeanna agus a gcumais.

Maidir leis na botaí comhrá chun cuidiú le daoine fiosruithe a dhéanamh le seirbhísí poiblí mar gheall ar ghnáthchúrsaí an tsaoil, teidlíochtaí leasa shóisialta, gnóthaí cánach, iarratas ar phasanna nó ar theastais breithe is báis is a leithéid, tá anailís déanta sa tuarascáil ar an mbearna.

Maítear san anailís seo go gcinnteodh a leithéid d’uirlis intleacht shaorga go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge ar bhonn níos éifeachtaí, go mbeadh seirbhís dá leithéid ar fáil ar bhonn 24/7, go mbeadh caighdeán ard ann ar bhonn seasta agus go mbeadh deis ann freisin leideanna a thabhairt do dhaoine an tseirbhís a lorg trí Ghaeilge.

Tá anailís bunaithe ar chostas déanta freisin sa tuarascáil. Maítear go leanfadh coigiltis de €440,000 gach bliain ar an gcostas a bhainfeadh le foireann daonna a chur ar fáil chun déileáil leis na glaonna sin.

Tá an meastachán seo bunaithe ar fhigiúirí dhaonáirimh 2022 inar tugadh le fios go raibh 72,000 cainteoir laethúil Gaeilge ann agus go mbeadh gach duine acu ag déanamh comhrá amháin sa bhliain le seirbhís poiblí a mhairfeadh cúig nóiméad ar a laghad.

I leagan níos túisce den tuarascáil, dúradh go raibh an coigilteas measta seo bunaithe ar 72,000 comhrá Gaeilge agus soilsíodh seo in alt ar Tuairisc.ie. Mhínigh urlabhraí an Údaráis gur botún a bhí anseo agus gur thagair an figiúir de 72,000 do líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Tá leagan ceartaithe sa tuarascáil atá ar fáil anois.

Moladh úsáidí eile ag ceardlann a reáchtáil Údarás na Gaeltachta anuraidh. Dúradh go mbeadh IS úsáideach le haghaidh seirbhísí aistriúcháin agus prófléitheoireachta, podchraoltaí a ghiniúint, anailís a dhéanamh ar shonraí agus doiciméid a chumadh.

Aithníonn an tuarascáil nach raibh dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an tseirbhís phoiblí a bheith ag úsáid teicneolaíocht na hintleachta saorga trí Ghaeilge.

Ní gá glacadh leis an easpa IS trí Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí mar fhianaise ar easpa uaillmhéine nó feasachta — seachas sin, d’fhéadfaí glacadh leis mar fhianaise ar dhúshlán córasach a bhaineann leis an gcás gnó a dhéanamh le haghaidh infheistíochtaí den chineál sin.

Aithnítear freisin sa tuarascáil go bhfuil bearnaí teicniciúla agus oibríochtúla ann maidir le hintleacht shaorga a úsáid chun seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil agus nach bhfuil ceist ann faoi ghoile nó an riachtanas dlíthiúil a bheith ar iarraidh.

Ag seoladh na tuarascála, dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go raibh “deis iontach againn an Ghaeilge a neadú i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann.”

“Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta don ról comhordúcháin seo a ghlacadh agus muid ag obair le comhpháirtithe ar fud na hearnála poiblí, lucht acadúil agus gnó chun réitigh IS a fhorbairt a fhreastalaíonn ar phobail Ghaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.”

Dar le hionadaí EY, Thomas Goulding, is amhlaidh go bhfuil an teicneolaíocht agus an toil pholaitiúil ann chun seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú go suntasach le IS.

I measc na gcéimeanna riachtanacha chun go mbeidh cumas ann na bearnaí atá ann a líonadh agus na deiseanna a thapú, is gá na comhpháirteanna IS riachtanacha Gaeilge a fhorbairt agus a úsáid i dtimpeallacht shábháilte. Is iad seo na huirlisí teanga go téacs (TT), téacs go teanga (TGT) agus samhail teanga mhór (STM).

Tar éis sin, moltar go n-aontófaí na cumais intleacht shaorga ar fad in uirlis chumhachtach amháin agus ansan é sin a logánú do chás úsáide sonraí.

Ní thugtar aon léargas sa tuarascáil ar an infheistíocht a bheadh de dhíth chun an tseirbhís guth go guth atá an tÚdarás ag iarraidh a bheith in áit mar scéim phíolótach roimh dheireadh na bliana seo.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.

Close
7 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds