We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Sheol Catherine Connolly an plean atá aici don Ghaeilge i Halla na Feothanai i gCorca Dhuibhne. Feachtas Catherine Connolly

Connolly go maith chun tosaigh sna ceantair Ghaeltachta

Thug pobail Gaeltachta ar fud na tíre vóta laidir don iarrthóir neamhspleach, Catherine Connolly.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

AN OIREAD IS an chuid eile den tír, agus níos mó in áiteanna, tá vótairí na Gaeltachta tar éis a dtacaíocht a léiriú don iarrthóir neamhspleách, Catherine Connolly. 

De réir na dtorthaí atá ag teacht ó ionaid chomhairimh ar fud na tíre, tá isteach is amach le 60% de vótaí i mboscaí Gaeltachta ag dul i dtreo Connolly agus níos lú ná leath an méid sin caite ar son Heather Humphreys.

Bhí sé deacair teacht ar theailí iomlán i dtoghcheantar ar bith mar gheall ná raibh gníomhaithe Fhianna Fáil – a fagadh gan iarrthóir nuair a tharraing Jim Gavin siar a ainm ag tús na míosa – i láthair ag na hionaid chomhairimh mar a bhíodh i dtoghcháin eile. Mar sin fágadh na páirtithe eile gann ar dhaoine chun na boscaí go léir a fhaire agus na vótaí á ndoirteadh amach is á gcomhaireamh.

Ina toghcheantar féin, Gaillimh Thiar, shaothraigh Connolly 35,441 vótaí agus mheall Humphreys 8,475 céad rogha agus bhí Gavin sa triú. áit le 2,208. Milleadh 4,420 vóta.

I dtoghcheantair eile le pobail Ghaeltachta bhí an scéal mórán mar an gcéanna. I Maigh Eo, tar éis gur deineadh teailí ar thromlach na vótaí, bhí 28,039 céad rogha ag Connolly agus fuair Humphreys 11.957 vóta.  Bhí Gavin fágtha le 2,596 vóta agus milleadh 6,311 vóta.

Sa Mhí Thiar, ina bhfuil pobal Gaeltachta Rath Chairn, fuair an TD Neamhspleách 15,477 vóta sa chéad chomhaireamh, agus ghnóthaigh Humphreys 5,988  céad rogha. Fuair Gavin 1,684 agus milleadh 4,560 vóta.

Fuair Connolly sciar níos airde i Rath Chairn féin nó is 64% a shaothraigh sí ann, de réir an dteailí,  ghnóthaigh Humphreys 22% agus is 4% a fágadh ag Gavin. An deichiú cuid de na vótaí a milleadh.

I bpobail Gaeltachta an deiscirt is ag Connolly a chuaigh tromlach na vótaí, seachas corr cheantar anseo is ansiúd. i gCiarraí fuair Connolly 28,807 vóta agus fágadh 16,568 céad rogha ag Humphreys is  3,364 ag Gavin. Milleadh  7,101 vótq Bhí vótaí láidir do Connolly le tabhairt faoi ndeara i gCeann Trá agus ceantair eile i gCorca Dhuibhne seachtain ón am a raibh sí ann chun a beartas Gaeilge don Uachtaránacht a sheoladh.

De réir tuairisce ó iriseoir Nuacht TG4 i gCiarraí, Marian Flaherty, fuair Connolly níos mó vótaí ná Humphreys i gCíll Gharbháin, croí cheantar theaghlach pholaitiúil na Healy Raes. Bhi Michael Healy Rae ag tús slua na nAirí Stáit a thug a thacaíocht do Humphreys agus tabharfar faoi ndeara an vóta seo in éadan a rogha iarrthóir níos faide ná teorainneacha an pharóiste sin.

Cé go raibh vótaí láidre don Conghaileach i gCorcaigh Thiar Thuaidh (mar atá Múscraí) agus Corcaigh Thiar Theas (Cléire), bhí torthaí eisceachtúla ann. I Múscraí mar shampla, vótáil 38% de na vótairí ar son Connolly i gCill Na Martra agus 34% ar son Humphreys. I gCúil Aodha, mar a thug sí cuairt le h-aghaidh Féile na Laoch le gairid, fuair Connolly 64% den vóta. Fuair sí 50% den vóta i gCorcaigh Thiar Thuaidh agus is 52% a fuair sí i gCorcaigh Thiar Theas.

Sna Déise bhí tromlach na votairí ar son Connolly, áit a bhfuair sí beagnach 70% den vóta. Bhí toradh mar an gcéanna i dTír Chonaill, contae ina bhfuair Connolly 33,286 vóta agus mheall Humphreys 9,316 céad rogha. Milleadh 6,434 vóta.

Agus í ag labhairt ar maidin roimh di taisteal ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, leag Connolly béim ar go raibh an vóta a fuair sí ina vóta do ghluaiseacht agus í ag labhairt le Nuacht TG4.

An méid atá cloiste agam, tá daoine ag lorg dóchais uaimse – cuirimse an bhéim ar ais ar na daoine a rá – tá an chumhacht agaibhse, níl i gceist agamsa ach siombail de ghluaiseacht nua.

Roimh do taisteal go Caisleán Átha Cliath don bhfógra um thrathnóna, phostáil An Taoiseach Mícheál Martin teachtaireacht comhghairdis ar na meáin sóisíalta.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds