Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ CRAOLTÓIR RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, i measc seisear pearsaí aitheanta a fuair réamhfhéachaint ar shonraí Dhaonáirimh 1926 agus tá siad ag roinnt an t-eolas a fuair siad agus an tionchar a d’imir sé orthu féin i sraith nua faisnéise a chraolfar ar theilifís an deireadh seachtaine seo chugainn.
Craolfar an chéad chlár de dhá chlár sa tsraith ‘Come to your Census’ an Domhnach beag seo ar RTÉ 1 agus ar na pearsaí eile atá páirteach sa tsraith tá an ceardchumannaí Mick Lynch, an t-ailtire Dermot Bannon, an aisteoir Eileen Walsh, an scríbhneoir Joseph O’Connor agus an craoltóir RTÉ Radio 1 Louise Duffy.
Sa chéad chlár atá craoltóir RTÉ RnaG ag insint scéal a teaghlaigh, a raibh ina gcónaí i gConamara i 1926, in éineacht le Lynch a théann ar bhóithrín na smaointe go Corcaigh arbh as a mhuintir agus Bannon a roinneann scéal a mhuintir a raibh cónaí orthu sa Cheapach Choinn i bPort Láirge.
Agus í ag labhairt le The Journal, mhínigh Gormfhlaith nach raibh spéis aici bheith páirteach sa chlár ar dtúis mar nár chreid sí go raibh “tada eisceachtúil nó difriúil nó, i ndáiríre, an-shuimiúil faoi mo mhuintir, le hais aon dream eile, bhfuil fhios agat?”
“Bhíomar chomh cosúil le haon teaghlach eile i gConamara, anois agus ag an am sin.”
Ach theastaigh uaithí, mar a deireann sí le linn an chláir, a fháil amach an raibh an saol a chaith a sinsir ar an Lochán Beag i gceantar Cois Fharraige i gConamara — a luaitear go minic le bochtaineacht agus imirce — eisceachtúil, an raibh sé difriúil ón saol a raibh ag pobail eile ar fud Chonamara.
Timpeall ar am an daonáirimh, bhog a muintir go dtí Bóthar an Rí a raibh congarach a dhóthain don Lochán Beag. Bhí a hathair mór, Seáinín Beag, ina chónaí ann lena bhean agus bhí triúr gasúir acu.
Cailleadh a bhean den eitinn agus phós sé arís agus bhí cúigear páiste eile acu, athair Ghormfhlaith ina measc, agus ansan cailleadh dara bhean Sheáin Bheag, an uair seo den ngalair pneimóine, tráth go raibh a hathair trí bliana d’aois. Bhí dearthar eile tar éis bás a fháil tamall roimhe sin.
Is amhlaidh go raibh sé ag obair ar an gcladach, tháinig sé abhaile ag rá go raibh tinneas cinn air agus cailleadh é. Seán ab ainm dó.
Le linn an chuid seo den chlár, tá Gormfhlaith ag labhairt lena dearthar féin, Lochlainn, agus pléann siad cuid de chúinsí na linne le chéile. Agus í ag caint faoi na tragóidí seo, tá seo le rá ag Gormfhlaith:
“Táim ag ceapadh nach raibh tuiscint cheart agamsa i ndáiríre chomh coitianta is a bhí an bás.”
“Bhí. Bás agus bochtaineacht. Bhí an saol an-dian,” an freagra a thug a dearthar.
Taca an ama sin agus ó dheireadh an 19ú aois, bhí sé aitheanta go raibh Conamara uilig plódaithe. Bhí an iomarca daoine ina gcónaí ann chun go mbeadh siad ábalta maireachtáil ann agus, mar gheall ar chomh congarach dá chéile a raibh cónaí orthu, bhí an deis ag galair cosúil leis an eitinn.
“Nuair a d’imigh siad as na tithe sin a thosaigh rudaí ag feabhsú,” dúirt Lochlainn.
Agus í ag féachaint ar thaifid an Oireachtais ag an am, na díospóireachtaí Dála, thuig sí nach raibh aon leigheas ag na polaiteoirí ar chúrsaí. “Shílfeá go bhfeictear é mar ar nós cineál ‘lost cause’,” dúirt sí.
“Tá rudaí san iarthar go dona, ach bíonn rudaí san iarthar i gcónaí go dona.
“Níl fhios agam an raibh aon tuiscint ann go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí anseo.”
An triúr páiste a bhí ag Seáinín lena chéad bhean, Máire, agus an cúigear a bhí aige lena dhara bhean, d’imigh siad go léir ar imirce agus iad ag lorg saol níos fearr — agus bhí saol níos fearr acu, dúirt Gormfhlaith.
An údar eile a bhí ag an gcraoltóir bheith páirteach sa chlár, staid na Gaeilge ag an am a fhiosrú.
“Bheinn fiosrach faoin nGaeilge mar is é seo an chéad daonáireamh ó bunaíodh an Stát mar sin bhí stádas de shaghas éigean ag an nGaeilge, bhí Gaeilge fite fuaite leis an togra náisiúnta.”
Chuir sé iontas uirthi gur líon a hathair mór, Seán Beag, an fhoirm dhaonáirimh amach as Gaeilge. Ní raibh a lán daoine a líon foirm an daonáirimh amach as Gaeilge i 1926 — isteach is amach le foirm as gach 100 a líonadh sa teanga.
Chuaigh sé go mór i bhfeidhm uirthi gur líon muintir Uí Thuairisg an fhoirm amach as Gaeilge.
Is clár é seo ina bhfaighidh an lucht féachana léargas ar leith ar an saol mar a bhí sa Ghaeltacht i 1926 ón tuiscint a fuair Gormfhlaith ó bheith ag scrúdú na bhfoirmeacha daonáirimh agus á bplé le gaolta agus eile le linn an chláir.
Agus í ag caint le The Journal, dúirt sí gur chuir a páirtíocht sa chlár agus a scrúdú ar na seanchaipéisí fé ndeara di stopadh agus breathnú ina diaidh nuair a bhíodh sí ag féachaint chun tosaigh roimhe sin.
“Níor léim aon scéalta millteanach amach ná raibh fhios againn, ní raibh ann ach gur thóg mé an t-am le staidéar a dhéanamh ar an áit ina raibh mo mhuintir ag an bpointe áirithe sa stair céad bliain ó shin — gur áirigh mé léargas i bhfad níos fearr orthu san, ar a saol agus ar an áit ar thug sé sin sa lá atá inniu muid.
“Chuaigh sé i gcion go mór orm.”
Craolfar an chéad chlár sa mhionshraith Coming to our Census an Domhnach beag seo ag 6.30in ar RTÉ 1.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say