D'éirigh leis an meitheal na deilfeanna a chur chun farraige arís. Nick Massett

Tarrtháil déanta ag meitheal dheonach ar dheilfeanna a d'fhagadh triomaithe ar thrá Gaeltachta

Tá deilfeanna ag teacht níos giorra don gcósta mar nach bhfuil bia dóibh amuigh in uiscí doimhne na farraige móire.

 (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ NÍOS MÓ deilfeanna á dtriomú ar an trá le déanaí de bharr go bhfuil siad ag teacht níos giorra don mhíntír ar thóir bídh, tá oifigeach le Grúpa Mhíol Mór agus Deilf na hÉireann (Irish Whale and Dolphin Group/IWDG) tar éis a rá.

Bhí Stephen Comerford, an t-oifigeach fuinnimh chósta inathnuaite leis an IWDG, i láthair tar éis go bhfuair an grúpa glaoch ar a líne éigeandála inné ag tabhairt le fios go raibh deilfeanna fágtha ag triomú ar thrá na Feothanach in iarthar Dhuibhneach i gCiarraí.

“De ghnáth bím ag obair ar chúl binse ach tugaim cúnamh nuair is féidir agus, ós rud é go bhfuil cónaí orm i nDún Chaoin, nuair a tháinig an glaoch go raibh deilfeanna tagtha i dtír ag Trá na Feothanach, bhrostaigh mé maraon le daoine eile ón ngrúpa go dtí an trá nach bhfuil róthada ó mo bhaile,” dúirt sé.

“Nuair a shroicheamar an trá, bhí dhá ainmhí déag ann, agus bhí cúig laonna ann freisin ach bhí na deilfeanna óga go léir marbh faoin am sin agus bhí ceathrar deilf fásta marbh — mar sin bhí ochtar fágtha le seans go dtiocfadh siad slán.”

Mhínigh Comerford go raibh go leor daoine ag taisteal i dtreo na trá faoin am sin, daoine le taithí agus trealamh ar leith chun cuidiú leis na deilfeanna a chur chun farraige arís.

“An rud is tábhachtaí sna cásanna seo ná go mbeadh gach rud ciúin suaimhneach agus nach mbeadh scaoll agus screadaíl ann a chuirfeadh strus ar na deilfeanna.

“Bhí go leor cabhrach ann, go leor freagróirí, roinnt daoine ón bpobal, turasóirí agus cúpla Garda freisin.

“Ar aon nós, le crocháin agus le sínteáin, agus go leor daoine láidre, d’éirigh linn na hainmhithe, ochtar acu ar aon nós, a chur ar ais ar snámh san uisce — d’fhreagair siad go maith agus thosnaigh siad ag snámh sa treo ceart amach chun farraige.

“Ní mar sin a tharlaíonn sé i gcónaí nó, uaireanta, tagann siad ar ais i gciorcal go dtí an trá.”

771822623_1080327424494154_6447902052912649801_n Thug an meitheal na deilfeanna amach chun farraige i gcrochtáin is ar shínteáin. Irish Whale and Dolphin Group Irish Whale and Dolphin Group

Dúirt sé go raibh daoine ag faire ar an trá ó shin ar eagla go dtiocfadh siad ar ais arís ach ní fhacthas arís iad.

“Tá na heachtraí triomaithe seo ag dul i méid agus an údar le sin ná gur speiceas aigéanach na deilfeanna seo, speiceas a mhaireann in uiscí doimhne na farraige móire ach cibé cúis atá leis, táimid nach mór cinnte go mbaineann sé le heaspa bídh agus athrú aeráide – tá siad ag caitheamh níos mó ama níos giorra don gcósta.

“Is údar mí-ádha é, áfach, nach bhfuil siad go maith ag snámh cois na cósta mar seo agus is é an rud a tharlaíonn ná go dtagann siad isteach ag lorg éisc san uisce éadoimhin agus tá siad ag ithe leo, gach rud go breá, agus ansan tosnaíonn an taoide ag dul amach agus tá siad gafa, greamaithe ar chúl bhainc gainnimhe agus ní féidir leo éalú.

“Ní tharlódh sin riamh do dheilf bholgshrónach a chaitheann a gcuid ama níos giorra don gcósta.”

Mhol Comerford agus ghabh sé buíochas leis na daoine go léir a tháinig chun cabhair a thabhairt ar an ócáid seo. “Is iarracht mhór dheonach é seo agus tugann daoine a gcuid ama i gcúinsí atá deacair go fisiciúil agus, ar go leor bealaí, go mothúchánach, chun cabhrú leis na hainmhithe seo agus tá gach creidiúint tuillte acu.”

Thug sé comhairle do dhaoine fén rud ar cheart a dhéanamh má thagann siad ar dheilfeanna nó ar mhíolta móra triomaithe ar an trá.

“Bí ciúin suaimhneach, ná bí ag screadaíl nó ag béicíl nó ag déanamh rud ar bith chun strus breise a chur orthu — tá siad faoi strus mar atá. Ná lig madraí in aice leo, coinnigh fionnuar agus fliuch iad agus coinnigh ingearach iad — má luíonn siad ar a dtaobh, cuireann sin brú ar na scamhóga.”

Thug sé comhairle freisin gan iad a tharraingt ón eireaball nó ón eite nó is féidir le sin cnámha a chur as alt.

772178536_1080327347827495_1858493441766477725_n Tugadh dhá dheilf deag chun farraige arís. Irish Whale and Dolphin Group Irish Whale and Dolphin Group

Dúirt sé gurb é an chéad rud ar cheart déanamh má thagann duine ar thriomú mar seo ar thrá ná glaoch ar líne éigeandála an ghrúpa, 097 28118, agus go mbíonn duine éigean ann chun an fón a fhreagairt i gcónaí.

Agus dúirt sé freisin go mbíonn cúrsaí á reachtáil ag an IWDG chun oiliúint a chur ar dhaoine maidir leis an slí is fearr le cabhrú i gcásanna triomaithe.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds