Alamy Stock Photo

Tá níos mó táillí próiseála fós le híoc ag siopadóirí, sa bhreis ar an táille nua €3 ón Aontas Eorpach

Le táillí íocaíochta amach nó táillí riaracháin, clúdaítear na costais a thabhaíonn cuideachtaí seachadta agus táillí custaim á sórtáil acu thar ceann siopadóra.

TÁ CUIDEACHTAÍ SEACHADTA ag cur táillí breise ar SHIOPADÓIRÍ AR LÍNE chun gur féidir leo an táille chustaim nua €3 de chuid an Aontais Eorpaigh a láimhseáil.

Ón 1 Iúil i leith, tá táillí custaim nua ar fud an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, rud a chuireann cáin €3 le gach earra ar leith in orduithe a cheannaítear ó lasmuigh den Aontas Eorpach ar luach níos lú ná €150. Mar thoradh neamhbheartaithe ar an táille bhreise, bíonn táillí i gceist ar roinnt orduithe a ghearrann comhlachtaí seachadta.

Tugtar táillí íocaíochta amach nó táillí riaracháin ar na táillí sin, agus clúdaítear iontu aon chostais a thabhaíonn cuideachta agus táillí custaim á sórtáil acu thar ceann siopadóra, lena chinntiú go rachaidh an pacáiste tríd an líonra seachadta.

Mura n-íocfaidh custaiméirí an táille nua €3 ag an gcuntar amach, rud a d’fhéadfadh tarlú mura bhfuil an díoltóir ábalta é a éascú, íocfaidh na cuideachtaí seachadta an táille a íoc thar ceann an chustaiméara agus gearrfaidh siad táille íocaíochta amach chun na costais a chlúdach.

Ríomhtar na táillí mar shuim chomhréidh nó mar chéatadán den cháin agus den dleacht iomlán a íocadh de ghnáth.

I bpostáil ar na meáin shóisialta a roinneadh an tseachtain seo, taispeánadh gur gearradh táille íocaíochta amach €18.45 ar chustaiméir amháin de chuid FedEx, chomh maith leis an gcáin allmhairiúcháin €3. Roinnt daoine a gcuid eispéiris féin go tapa ina dhiaidh sin maidir le táillí íocaíochta amach a gearradh orthusan, agus dúirt daoine eile gur “jóc” a bhí sna na táillí sin.

Dúirt FedEx le The Journal nach rud nua iad táillí íocaíochta amach, ach go bhféadfadh go ngearrfaí níos minice iad ós rud é gur tugadh an táille €3 isteach i gcás réimse leathan allmhairí.

“Nuair a bhíonn dleachtanna custaim agus cánacha dlite ar earra, féadfaidh FedEx na muirir sin a íoc leis na húdaráis chustaim thar ceann an chustaiméara chun cuidiú leis an lastas a ghlanadh agus a chinntiú go rachaidh sé tríd an líonra. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh táille íocaíochta amach a bheith i gceist chun na costais a bhaineann leis an bpróiseas sin a chlúdach,” a dúirt sé.

“Níl rud nua í an táille seo, agus níor tugadh isteach í mar thoradh ar an dleacht chustaim €3. Mar sin féin, ós rud é gur féidir dleachtanna a ghearradh anois ar réimsí níos leithne allmhairí ar luach íseal, b’fhéidir go ngearraí na táillí sin ar chustaiméirí níos minice ná mar a ghearrtaí san am atá thart.”

Ní hé FedEx an t-aon chuideachta seachadta ná an t-aon seirbhís phoist a chuireann na táillí sin i bhfeidhm.

Dúirt DHL le The Journal go bhfuil “go leor de na lastais a dteastaíonn imréiteach foirmiúil ina leith anois i ndiaidh an táille chustaim €3 a thabhairt isteach faoi réir Tháille Próiseála Dleachtanna agus Cánacha DHL, trínar féidir linn na costais bhreise a thabhaítear le linn an phróisis imréitigh a aisghabháil”.

“Is táille í seo atá ann cheana a bhaineann le lastais lena mbaineann táillí custaim nó CBL. Nuashonraíomar ár bpróisis chun go mbeidh na seachadtaí chomh réidh agus is féidir, ach d’fhéadfadh faighteoirí na táillí sin a feiceáil ar allmhairí nach mbíodh siad orthu roimhe seo. Athraíonn na táillí ag brath ar luach agus ar líon na n-earraí aonair,” a dúirt sé.

Dúirt DHL dá gcuirfí an táille chustaim €3 i bhfeidhm ar ordú, go mbeadh táille íocaíochta amach chomhfhreagrach DHL Express €5, ach méadaíonn sé sin go €14.50 má sháraíonn an méid iomlán dleachta agus CBL €20.

Gearrann An Post táille riaracháin €6.95 a chuirtear i bhfeidhm mura mbailíonn an díoltóir CBL nó dleachtanna ag an gcuntar amach.

Ag labhairt le The Journal dóibh, dúirt an tseirbhís phoist go ríomhtar na táillí custaim go léir ag an gcuntar amach ar líne don “tromlach mór” de phacáistí ó lasmuigh den Aontas Eorpach, dá bhrí sin, bíonn an próiseas imréitigh custaim curtha i gcrích go hiomlán agus is féidir an pacáiste a sheachadadh díreach i ndiaidh dó teacht go hÉirinn.

Dúir sé go gcaithfidh An Post na táillí custaim a phróiseáil agus a bhailiú é féin i gcásanna eile, áfach.

“I gcás líon i bhfad níos lú díoltóirí beaga lasmuigh den Aontas Eorpach nach bhfuil an teicneolaíocht ionsuite sin ar a suíomhanna gréasáin agus i gcás ina gcaithfidh An Post an táille chustaim a fhorchuireann an tAontas agus na Coimisinéirí Ioncaim a phróiseáil agus a bhailiú, chomh maith leis an t-earra a choinneáil go sábháilte, an custaiméir a chur ar an eolas, an íocaíocht a phróiseáil agus an t-earra a scaoileadh ar ais isteach sa chóras seachadta, go ngearrann An Post táille €6.95, arb é sin an t-íosmhéid iomlán a chlúdaíonn na costais éagsúla atá i gceist ar éigin.

“Tagann formhór na bpacáistí sin ón Ríocht Aontaithe, an comhpháirtí trádála is mó atá againn,”a dúirt siad.

“Gearrann na hiompróirí ar fad táillí riaracháin as na táillí custaim a láimhseáil.”

Dúirt an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) le The Journal go molann sé do shiopadóirí téarmaí agus coinníollacha an mhiondíoltóra a sheiceáil sula ndéanfaidh siad ceannachán lena thuiscint conas a chuireann siad táillí custaim i bhfeidhm.

Is féidir le tomhaltóirí tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí custaim ag ccpc.ie/customs.

This article was translated from the English version by professional translators in DCU Language Services. Click here for the English-language version of this story. 

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds