Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TOM A’BHUNGALÓ an t-ainm a bhaist muintir Ghaoth Dóbhair ar Thomás Mac Giolla Bhríghde mar go raibh cónaí air i dtigh aon stóras mar ná raibh a leithéid thart ar an áit ag an am agus is é sin is ainm don leabhar nua atá scríte agus foilsithe ag a chomharsan faoin gceannródaí Gaeltachta.
Dar le Noel Ó Gallchóir, údar an leabhair ‘Tom A’Bhungaló’, d’fhag Mac Giolla Bhríghde, a cailleadh agus é 90 mbliain d’aois i 2013, lorg suntasach ar cheantar Ghaoth Dóbhair tríd an ról a raibh aige ag bunú eastáit tionscail ar an cheantar agus, níos tábhachtai ná sin, as Amharclann Ghaoth Dobhair a bhunú agus a fhorbairt thar na mblianta.
Seoladh an leabhar féin fhoilsithe seo le déanaí san amharclann chéanna agus, ó shin, tá sé luaite ar an ngearrliosta do Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais. Bronnfar na gradaim ag ócáid le linn Oireachtas na Samhna i gCill Áirne.
Agus é ag caint faoina leabhar, dúirt Ó Gallchóir go raibh caibileacha sa saothar faoi Mac Giolla Bhríghde mar aisteoir, mar léiritheoir, mar údar agus mar scríbhneoir agus, le cois sin, mar gníomhaí pobail, rud a léirigh dar leis ilghnéitheacht an fhir.
“Gníomhaí Gaelach, fiontraí físeach agus draoi dramaíochta,” an cur síos a raibh ag an údar ar Mac Giolla Bhríghde.
“Ní dóigh liom go mbeadh Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dóbhair ann ar an Screabán, áit a raibh míle go leith daoine ag obair, ní dóigh liom go mbeadh sé ann gan é.
“B’eisean agus ceathrar fear gnó eile a cheannaigh an talamh ar a bhfuil an Screabán agus thug siad é do Ghaeltarra Éireann (réamh-chomharba Údarás na Gaeltachta),” dúirt Ó Gallchóir agus thug sé chun cuimhne gur beartas abea an deontas seo don Stát ó cheathrar fear Gaeltachta chun iubhaile órga Éirí Amach na Cásca a chomóradh i 1966.
“D’fhreastal an Eastát Tionsclaíoch sin ar Ghaoth Dobhair, na Rosann, Cloich Chionn Fhaola agus chuir sé go leor fostaíochta ar fáil ar na feadh na blianta fada sa cheantar.”
Ba chuntasóir faoi chairt Mac Giolla Bhríghde agus bhí sé “iontach gníomhach” i ngluaiseachtaí ar nós an Chomhar Chreidmheasa agus le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
“Thug sé comhairle airgid do chomharchumainn áitiúla agus do Chomharchreidmheasa Ghaoth Dobhair.”
Tá caibidil sa leabhar a thugann deis do chairde agus daoine aitheanta omós a thabhairt do Mhac Giolla Bhríghde agus orthu san tá an file an agus an t-úrscéalaí, Cathal Ó Searcaigh a thugann ‘Daddy-Ó an Téatair ar Mac Giolla Bhríghde.
“Bhí aithne súl agam ar Tom a’Bhungaló i bhfad sular chuir mé aithne phearsanta air,” dúirt sé ina shliocht.
“Cé acu mar aisteoir nó mar stiurthóir, bhí a ainm luaite i dtólamh leis na drámaí a chonaic mé san Amharclann agus mé i mo dhéagóir súilaibí, lániontais ag baint sásamh as na seónna spreagúla a tugadh chun solais ar an stáitse,” dúirt sé.
“Bhí sé isteach sna 80idí agus seasamh éigin bainte amach agam mar scríbhneoir Gaeilge sular lig Tom a aithne liom i gceart.
“Fear den mhianach sin a bhí ann, dhéanadh sé duine a mheas ar bhonn fiúntais.
“Bhí meas nach beag aige ar chumhacht an bhriathair, ar éirim fuaime an fhocail agus chuala sé, dúirt sé liom, éifeacht na séise i gcuid de mo chuid dánta luatha.
“Lena chois sin, thaitin an reacaireacht riamh leis, an fhilíocht a chur os ard tré bhithín an ghutha.”
Tá cur síos sa leabhar ar iliomad léirithe ina raibh Mac Giolla Bhríghde páirteach iontu mar aisteoir, a srígh sé mar dhramadóir agus a léirigh sé mar stiurthóir, ag síneadh óna chéad pháirt i 1938, An Papa sa Choilidh Bheag, go dtí na dramaí a léirigh sé i míonna dheiridh 2013.
“Bhí baint aige le na h-Aisteoirí ar feadh 75 bliain, ó 1938 go dti 2013. “Scríobh sé dramaí, an dráma is cáiliúla a scríobh sé, An Pháis – Shoilsigh Solas sa Dorchadas.
“In am Tom, léiríodh é ceithre h-uaire agus uair eile i ndiaidh a bháis, i 2018.”
Bhí Amharclann Ghaoth Dobhair as úsáid ar feadh roinnt blianta agus déanadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh agus athosclaíodh i 2017. Tá sé fós in úsáid mar Amharclann agus mar ionad d’imeachtaí an phobail, Scoil Gheimhridh Ghaoth Dóbhair agus an fhéile i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí, Dorn san Aer, a bheidh ar siúl aris an mhí seo chugainn, ina measc.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say