Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
This article was brought to you by our new Gaeltacht team. For an English version, please click here
BEIDH PUITEACHAÍ, FATAÍ agus filíocht á gceiliúradh ag féile ar leith atá á reáchtáil an deireadh seachtaine beag seo ar Inis Meáin agus muintir an oileáin ag ceiliúradh a dteanga agus a ndúlra in éineacht.
Cé go dtugann muintir Inis Meáin puiteachaí orthu, sméara dubha a thugtar orthu in áiteanna eile ar fud na tíre. Is é an ócáid an deireadh seachtaine seo an t-aon áit a dhéantar an toradh blasta a fhaightear ar gach aon tor sa tír an t-aon fhéile in Éirinn a dhéanann na puiteachaí – na sméara dubha – a cheiliúradh mar is ceart.
An láithreoir teilifíse an colúnaí nuachtáin Aedín Ní Thiarnaigh a bhunaigh an fhéile agus is é seo an cheathrú uair a bheidh sé ar siúl. Dar le Ní Thiarnaigh, tá na croí luachanna céanna ag an fhéile ó bunaíodh é.
Is ceiliúradh í Féile na bPuiteachaí ar shaibhreas an dúlra agus an dúchais anseo in Inis Meáin. Bíonn na puiteachaí ag croílár na n-imeachtaí ar fad dar ndóigh, ach bíonn muid ag iarraidh aird a tharraingt ar shaibhreas teanga Inis Meáin agus ar scileanna an phobail chomh maith.
“Is ócáid phobail í go príomha, ach is aoibhinn linn go dtagann daoine ó ar fuaid na hÉireann chuig an bhféile freisin agus fonn orthu cuid den spraoi – agus dar ndóigh, na puiteachaí – a bhlaiseadh!”
Tá clár imeachtaí éagsúla beartaithe ag lucht eagraithe na féile agus beidh filíocht ag croí lár na n-imeachtaí ar an Aoine – Oíche Chultúir mar a tharlaíonn sé.
Ar an oíche sin beidh agallamh beirte cumtha don ócáid á chur agus filíocht á chur i láthair ag filí áitiúla.
Ceann de bhuaic phointí an deireadh seachtaine go mbeidh comórtas bácála na bpuiteachaí ann agus cuireadh ag daoine cístí agus toirtíní is eile a chuir faoi bhráid an mholtóra, Diarmuid Ó Mathúna ón gcaifé iomráiteach i gConamara, Pota. Is airsean a thitfidh an cúram na duaiseanna a roinnt ar na hiontrálacha is blasta.
Toisc go bhfuil iomrá freisin ar na prátaí – nó na fataí – a thagann ó Árainn, tá comórtas freisin don fhata is mó.
“Déanann muid iarracht rud éicint nua a thabhairt isteach chuile bhliain, anuas ar na hócáidí bliantúla”, arsa Gráinne Ní Chonghaile, comhstiúrthóir na féile. “beidh margadh ceardaíochta againn den chéad uair i mbliana mar shampla, agus beidh meascán earraí lámhdhéanta ar díol ann idir ealaín, cniotáil, mil áitiúil agus eile”.
I measc imeachtaí eile na féile beidh ‘Park Run na bPuiteachaí’, siúlóid dúlra, ceardlann ealaíne, agus ceardlann manglam puiteachaí ar fad ar siúl Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair.
Tá eolas faoi sceideal na féile ar fáil ag @FeilenabPuiteachai ar Instagram agus tá urraíocht á fháil ag imeachtaí an deireadh seachtaine ó Phleanáil Teanga Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Siopa Ruaidhrí Beag Inis Meáin.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say