Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ AN FILE is an scríbhneoir Gaeilge Gabriel Rosenstock breoite le h-ailse ach níl stop lena chuid scríbhneoireachta. Le linn a shaoil tá tuairim is 400 leabhar scríofa aige – ach anois tá tús curtha aige le dialann ag cur síos ar an ngalar agus a smaointe ó fuair sé scéal ag tuar gur féidir nach raibh ach roinnt míonna fágtha aige ina shaol.
Duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge é Gabriel, a shíolraíonn ó Chill Fhíonáin i Luimneach ach atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath le fada. Bhí sé i measc gasra filí a d’fhoilsigh iris iomráiteach liteartha i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh, iris darbh ainm INNTI, sna luath-1970í agus is ar éigean gur stop sé ag scríobh ó shin.
Tá iliomad leabhar scríofa aige, idir leabhair do pháistí, leabhair filíochta, leabhair Haiku agus leabhair taistil ina measc, agus go leor gradaim buaite aige freisin.
Sheol sé a dhialann ailse chuig a mhac, Tristan, craoltóir is ceoltóir aitheanta, agus mar thoradh ar sin tá clár faisnéise bunaithe ar chomhráití idir mac agus athair le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca.
Chuir sé iontas ar Thristan go raibh a athair ag scríobh dialainne mar nár choinnigh sé cinn lae feadh a shaoil – ní raibh am aige agus an oiread eile á scríobh aige - ach tuigeann sé cén fáth go bhfuil sé ag scríobh.
“An féinaithne agus an scríbhneoireacht, táid fite fuaite agus bhíodar riamh anall — i gcás Ghabriel, scríobhann sé chun ciall a dhéanamh as an saol agus chun aithne a chur air féin,” arsa Tristan.
“Luaigh sé go raibh dialann á coinneáil aige den gcéad uair ina shaol chun iarracht a dhéanamh an galar a thuiscint agus an méid atá roimhe a thuiscint.”Tá ailse ar an údar le tamall ach thuig sé go raibh cúpla bliain aige sula dtiocfadh sé go críochfort an ghalair, an bás, ach le déanaí fuair sé diagnóis lom ó dhochtúir go raibh a thréimhse níos cúinge ná san i bhfad.
Faoi láthair tá Gabriel, 76, ag fáil “aire na huibhe” óna bhean chéile Eithne, mar a mhínigh Tristan.
Spreag an dialann Tristan chun comhrá a thaifeadadh lena athair faoina chuid smaointe faoin ngalar agus faoina shaol. Dar leis an mac, chuir sé aithne i bhfad níos fearr ar a athair tríd an dá chomhrá a thaifeadadh sé leis faoin dialann.
Chuir sé síos air mar chomhrá a thosaigh agus iad ag ól tae le chéile agus ansan gur thóg sé amach an micreafón agus ar aghaidh leo le “comhrá a bheith againn nach mbeadh go minic ag athair agus mac”.
Bhí dhá chomhrá ann i bhfírinne — an comhrá tar éis na Nollag tar éis gur luaigh Gabriel go raibh sé ag scríobh na dialainne, agus arís le déanaí tar éis dó diagnóis lom a fháil faoin treo a raibh an galar ag dul agus an méid ama a bhí á thuar go raibh fágtha ina shaol.Tá ceisteanna móra na cruinne á gcíoradh ina dhialann agus sna comhráití.
“De réir mar a lean sé leis, thosaigh sé ag cíoradh ceisteanna móra an domhain — cad tá romhainn, an bhfuil saol eile ann, an bhfuil athfhás ann?
“Dúirt Tristan go raibh a athair ag filleadh arís is arís eile ar an líne ón iomann álainn a chuir Seán Ó Riada ceol leis, Ag Críost an Síol — an líne ‘Ní críoch ach athfhás’.
Chuir sé iontas ar Thristan gur nocht a athair go dtugann sé Caitliceach air féin agus go bhfuil creideamh láidir aige — ach tá sé soiléir freisin go bhfuil tionchar mór ag fealsúna na cruinne ar an scríbhneoir.
Tugann an ráiteas a rinne an fealsamh ón Ind, Osho nó Rajneesh, ar theideal a leabhair is iomráití, Never Born Never Died, an teideal don gclár: An Fear Nár Saolaíodh Riamh.Cé go bhfuil na céadta leabhar scríofa aige, is mó arís na leabhair atá léite aige.
“Nílim ag caint ar chúrsaí filíochta agus cúrsaí litríochta, ach ar leabhair a bhaineann le cúrsaí spioradálta agus creidimh.
“Mar táimid ag trácht ar an saol atá caite aige mar léitheoir, an méid atá foghlamtha aige agus an léargas eisceachtúil, is dócha, a thugann san dó.”
Craolfar Gabriel Rosenstock — An Fear Nár Saolaíodh Riamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 5.05in ar Luan Cásca.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say