An áit a bhuaileann Cónar na Corónach agus Sráid Cope i mBarra an Teampaill. Alamy Stock Photo

Eolas faoi thatú Ghaeilge ar fhear gortaithe in ionsaí i mBarra an Teampaill eisithe ag Gardaí

Tá an fhear ag fáil cóir leighis in Oisbidéal Beaumont

LAST UPDATE | 19 Feb

(Is féidir leagan as Béarla den scéal seo a léamh anseo)

TÁ ACHAINÍ DÉANTA ag Gardaí agus iad ag lorg cúnaimh ón bpobal chun ainm a chuir ar fhear a h-ionsaíodh i mBarra an Teampaill go luath maidin Dé Chéadaoin.

Tá an fear faoi chóir leighis in Oisbidéal Beaumont agus deirtear go bhfuil sé go dona tinn.  Níl fhios cén aois atá an t-é a h-ionsaíodh.

Thug na Gardaí eolas maidir le tatú atá ar láimh dheis an fhir agus iad ag súil go gcabhróidh sin le a fháil amach cén ainm atá air. 

Séard atá sa tatú ná brat gorm agus bán agus na focail ‘Ceol is Beatha’ in éineacht leis.

Creidtear gur gortaíodh an fhear tar éis an ionsaí a deirtear gur thárla sé ar Shráid Cope timpeall 12.30rn ar an gCéadaoin.

“Aon duine a raibh i gceantar Cope Street idir meán oíche agus 1rn, agus ar féidir go bhfuil aon eolas acu faoin eachtra, iarrtar orthu teagmháil a dhéanamh le Gardaí atá ag fiosrú an eachtra,” dúirt urlabhraí na nGardaí.

Tá iarrtha freisin ar aon duine a bheadh ábhar acu ar cheamra – agus scannán ó fhón phóca nó ó cheamra ghluaisteáin san áireamh – an ábhar sin a chur ar fail. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gardaí ag Staisiún Ghardaí Shráid an Phiarsaigh ar 01 666 9000 nó ar Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó ag aon staisiún de chuid na nGardaí.

 

Close
JournalTv
News in 60 seconds