We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Gaeilgeoirí ó thuaidh ag rá gur cheart na coimitmintí a deineadh i leith na Gaeilge i gcomhaontaithe éagsúla a chur i bhfeidhm. Alamy Stock Photo

Ní cabhair d'aontachtaithe 'cogadh cultúrtha' faoin nGaeilge - iar chomhairleoir Trimble

Creideann an tráchtaire Aontachtach Alex Kane gur botún atá á dhéanamh ag an DUP agus polaiteoirí aontachtacha eile bheith ag troid cogadh cultúrtha in éadan na Gaeilge.

This story is produced by our Gaeltacht team.  You can read an English version here.

NÍOR CHEART D’AONTACHTAITHE bheith ag fearadh cogadh cultúrtha nó is cuid de chultúr Thuaisceart Éireann iad ionannas, cultúr agus stair na hÉireann agus beidh vótaí de dhíth nuair a bhíonn vóta ann faoi aontú na hÉireann, dúirt tráchtaire Aontachtach aitheanta le The Journal.

Tagann an foláireamh seo ón tráchtaire Aontachtach, Alex Kane, agus eolas tugtha chun solais ag Conradh na Gaeilge go raibh formhór mór d’aitritheoirí Bhéal Feirste ar son comharthaíocht dhá theangach ar shráideanna na cáthrach.

De réir na bhfigiúirí, a thagann ón eolas a cuireadh ar fáil don Chomhairle Cathrach dá suirbhéanna sráide, ní raibh ach 2.9% d’aitritheoiri a d’fhreagair na suirbhéanna i gcoinne comharthaíocht dhá theangach, agus ná raibh aon fhreasúra in aon chorr i 409 as an 536 sráid inar ceadaíodh na comharthaí le na leaganacha Gaeilge agus Béarla.

Bhí Kane, a raibh ina chomhairleoir ag David Trimble, ceannaire Aontachtaithe Uladh tráth go raibh margáil ar bun faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ag labhairt agus polaiteoirí aontachtacha fós ag casaoid faoin gcinneadh ag tús na míosa inar vótáil móramh de chomhaltaí tofa Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar son polasaí nua a chiallódh go mbeadh dhá theangachas i réim sa chathair.

Dar le Kane, ní hamhlaidh go bhfuil fuath ag aontachtaithe don Ghaeilge ach go bhfeiceann siad ar fhás agus ar chur chun cinn na teanga mar chomhartha nach leo an Tuaisceart níos mó.

“Is mionlach an Aontachtachas i mBéal Feirste agus is mionlach é i dtéarmaí toghcháin freisin i dTuaisceart Éireann, níl móramh aige a thuilleadh sa Tionól, níl an pháirtí is mó ag aontachtaithe agus ní féidir leis ach an Leas Chéad Aire a ainmniú.

“Cuireann sé go léir leis an dtráchtaireacht go bhfuil gach éinne nach bhfuil aontachtach i gcoinne aontachtachas – agus cuireann sin Londain, Baile Átha Cliath agus an tAontas Eorpach ina gcoinne agus go bhfuil creatlach Windsor agus an teorainn fharraige sa Mhuir Éireannach tar éis coilín a dhéanamh de TÉ chomh fada is a bhaineann sé le go leor aontachtaithe sa DUP/TUV/UUP.

An toradh ar seo ar fad go mbionn siad ag fearadh cogai nach féidir leo baint – proiséas an-tuirsiúil.  Ní mór dóibh féachaint ar an fhirinne soisíalta, polatúil agus toghchánach agus teacht le chéile chun straitéis a chumadh le cinntiú go dtagann siad slán.

“Cuirim san áireamh ansin na haontachtaithe le ‘a’ beag, agus náisiúnaithe le ‘n’ beag arbh fhearr leo an Riocht Aontaithe go fóill mar gheall ar an shuaitheadh agus míshocracht a bheadh mar thoradh ar vóta ar son aontas na hÉireann.

“Mar gheall air sin ar fad ní chabhraíonn sé an Ghaeilge bheith ina cnámh spairne i gcogadh chultúrtha. Is cuid de dlúth agus inneach Thuaisceart Éireann iad cultúr/stair/ionannas na hÉireann is eile agus ní féidir le haontachtaithe sin a chuir as an áireamh go háirithe nuair is mionlach toghchánach iad agus go mbeidh vótaí nua uathu le haghaidh reifreann ar an teorainn ag am éigean.”

Ag an deireadh seachtaine, d’ionsaigh dílseoirí comhartha dhá teangach i bPáirc Seandúin sa chathair agus baineadh an chuid Gaeilge den ainm den chomhartha le líomhadóir diosca. Tá an loitiméireacht á fhiosrú amhail is gur coir fhuatha é ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann.

An tseachtain roimhe bhí tuairisciú ann faoi bhagairtí a rinne grúpa paraimiliteach dílseach, an UVF, foirgnimh agus feithiclí na Comhairle le comharthaíocht dhá theangach a chuir trí thine.

Tá Baill Tionóil an DUP tar éis a dhearbhú go mbeidh siad ag moladh rúin ag cáineadh cinneadh na gcomhairleoirí i mBéal Feirste.

Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léiríonn torthaí na suirbhéanna a rinneadh i 536 sráid an tacaíocht ar son na gcomharthaí dhá teangach agus na Gaeilge trí chéile.

  • San iomlán, ní raibh ach 2.9% de gach cónaitheoir thar an 536 sráid a ceadaíodh a chuir i gcoinne comhartha.
  • Ar 76% den 536 sráid, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne (409 as 536 sráid).
  • Thar gach ceann den 536 sráid, ní raibh mórámh de chónaitheoirí i gcoinne ar oiread is sráid amháin (0/536)
  • Ar an meán, bhí meán-fhreasúra sráide de 1.7% thar 536 sráid.

 Thug Mac Giolla Bhéin comhairle dá chuid féin do pholaiteoirí atá ag cur in éadan pholasaí na Comhairle. “B’fhearr don DUP agus eile a gcuid ama agus fuinnimh a chaitheamh ag cur i bhfeidhm na gcoimitmintí atá ar a gcuid Airí i leith na Gaeilge, lena n-áirítear ceapadh an Choimisinéara Gaeilge agus cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, atá geallta sa dlí ó bhí 2006 ann.” 

Bréagnaíonn an méid sin na gearáin fhad-bhunaithe atá déanta ag an DUP agus eile, atá ag maíomh le fada an lá go bhfuil freasúra ollmhór i gcoinne na Gaeilge mar chuid dá n-iarrachtaí an polasaí seo a chur ó mhaith. 

 Cé go bhfuil sé tuairiscthe go poiblí le tamall go bhfuil postanna na gCoimisinéirí don Ghaeilge agus don Ultais, a aontaíodh faoi reachtaíocht a tugadh isteach mar réiteach ar an dtitim dheireannach ar na hinstitiúidí roinnte cumhachta, tairgthe do bheirt iarrthóir, tá imní léirithe go bhfuil moill á chur ar an bproiseas ceapachán.   An tseachtain seo chaite dúirt urlabhraí Oifig an Fheidhmiúcháin i rialtas Thuaisceart Éireann go raibh an proiséas ceapacháin ag teacht chun críche. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
5 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds