Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Tá Comhairle Chontae Thír Chonaill ag eagrú preab Ghaeltacht i Londain ag an deireadh seachtaine agus iarracht ar bun ag an údarás áitiúil dheoraithe Gaelacha ón gcontae atá anois ina gcónaí i bpríomhchathair Shasana a mhealladh thar nais go dtí an fód dhúchais.
Dar le Joe Kelly, leabharlannaí atá fostaithe ag an gComhairle Contae i mbrainse Ghaoth Dobhair na seirbhíse, is ceiliúradh ar an dteanga agus ar Thír Chonaill atá i gceist le h-0cáid an Domhnaigh.
An phríomh aidhm atá againn ná an Ghaeilge a cheiliúradh agus, ag an am chéanna, an chontae seo a dhíol agus na deiseanna a thaispeáint do dhaoine go bhfeiceann siad go bhfuil gaeltacht againn sa chontae seo atá chomh beomhar agus bríomhar.
“Má tá suim acu teacht go hÉireann, ba chóir dóibh teacht go Tír Chonaill mar tá cuid mhór ar siúl anseo.”
Thug an leabharlannaí le fios freisin go raibh go leor buntáistí ag baint le bogadh thar nais go Tír Chonaill agus luaigh sé áiteanna i scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna do pháistí i measc na dtoscaí sin. Mhínigh sé go raibh sé féin agus a chlann tar éis bogadh thar nais go dtí a fhód dhúchais tar éis bheith ina gconaí sa phríomhchathair, Baile Átha Cliath, ar feadh seal.
Níl sé seo á dhéanamh againn mar gheall ar easpa daonra ach ag an am céanna tá muid i gcónaí ag iarraidh an chontae a ‘dhíol’ agus ba mhaith linn daoine a mhealladh abhaile.
“Tuigeann muid go bhfuil daoine ann atá meallta chuig an chontae mar gheall ar Ghaeilge agus an cultúr Gaelach.
“Bíonn lear mór imeachtaí Gaeilge eagraithe ag an tseirbhís leabharlainne agus na hoifigigh pleanála teanga.
Is coincheap an preab ghaeltacht – nó Pop-Up Gaeltacht as Béarla – a thosnaigh sa phríomhchathair anseo in Éirinn agus atá tar éis scaipeadh ar fuaid na cruinne le h-ocáidí preab Ghaeltacht i gCeanada, an tSeapáin, an Áraib Shádach agus ar nais anseo i bpobail Gaeltachta na hÉireann fiú.
Tagann daoine le chéile, cuid acu atá líofa sa Ghaeilge agus cuid eile le cúpla focal, agus bionn craic acu le chéile as Gaeilge an oiread agus is féidir le linn na h-ocáide. Is minic a bhíonn na h-ocáidí seo i dtithe tábhairne nó i gcaiféanna.
Is cuid é preab ghaeltacht an Domhnaigh d’imeachtaí Lá na nGael ag an gcumann lúthchleas Gael atá go leor deoraithe ó Dhún na nGall páirteach ann. Beidh sé ar bun ar ceannaras an chumainn atá suite ag Páirc Thír Chonaill, Ascaill Berkeley, Greenford, Londain, UB6 ONZ.
Tá preab ghaeltacht Londain á reachtáil le tacaíocht ó oifig Ghaeilge Chomhairle Chontae Thír Chonaill agus Oifig Phleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say