Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
FAIGHEANN SAIGHDIÚIRÍ SNA Fórsaí Cosanta atá ag ullmhú chun dul ar dhualgas na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin oiliúint ó chomrádaithe atá díreach ar ais ó mhisin choimeád síochána sa reigiúin leochaileach, tá sé ráite ag ceannfort Choláiste Mhíleata Óglaigh na hÉireann ar an gCurach.
Bhí an Coirnéal Seán Ó Fátharta ag labhairt ar Adhmhaidin (RTÉ Ráidió na Gaeltachta) Déardaoin faoin gcontúirt atá saghdiúirí na hÉireann ag feidhmiú faoi de bharr an chogaidh atá á fhearadh ag Stáit Aontaithe Mheirceá is Iosrael ar an Iaráin agus atá ag leathnú go dtí an Liobáin is tíortha eile sa Mheán Oirthear.
Dúirt an Coirnéal Ó Fátharta go raibh contúirt ann gan amhras do shaighdiúirí Éireannacha agus dá gcomrádaithe ón bPólainn mar go raibh siad ar dhualgas i gceantar ar a thugann Hizbollah, na fórsaí paraimiliteacha sa Liobáin a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, ‘croí lár na réabhlóide’.
“Caithfear a rá go bhfuil go bhfuil an baol ann,” dúirt sé. “Faoi láthair tá sé contúirteach ach mar mar atá a fhios agaibh tá an traenáil agus an trealamh againn chun go mbeidh muid in ann fanacht slán sábháilte.”
Eascraíonn an chontúirt faoi láthair as an ngéarú ar an gcoimhlint i ndeisceart na Liobáine. Tá Hizbollah tar éis bheith ag íonsaí fhórsaí Iosrael agus iad ag léiriu tacaíochta don Iaráin agus tá buamáil déanta ag an IDF ar dheisceart phríomh chathair na tíre. Thug siad foláireamh d’aitritheoirí teitheadh le laethannta beaga anuas. D’fhéadfadh go bhfagfadh sin fórsaí na Náisiúin Aontaithe sa cheantar idir dhá thine Bealtaine.
Dúirt sé freisin go raibh cumarsáid mhaith ag fórsaí coimeádta síochánta na Náisiúin Aontaithe le hArm na Liobáine agus, ag ceann cheathrú UNIFIL, le hArm Iosrael.
Agus é ag tabhairt freagra ar cheist faoin stáid ina raibh an dlí idirnáisiúnta tar éis ionsaí SAM agus Iosrael ar an Iaráin, dúirt an Coirnéal Ó Fátharta gur údar buairimh a raibh ann.
“Cinnte is cúis imní é sin do chuile dhuine agus do gach tír má tá deireadh leis an ré sin den dlí idirnáisiúnta.”
Dúirt sé, áfach, go raibh saighdiúirí na hÉireann tar éis an oiliúint a fháil a ullmhódh iad le go dtiocfaidís slán ón gcontúirt sin.
“Ó thaobh an chathlán Éireannach atá i ndeisceart na Liobáine ar maidin tá féinsmacht acu, tá an teacht aniar acu, tá an traenáil acu chun iad fhéin a choimeád slán agus bheith ann.”
Dúirt sé gur eascair cuid den oiliúint atá faighte acu ón dtaithí a raibh aige féin agus ag saighdiúirí eile a raibh ar dhualgas sa Liobáin rompu.
“Tá an traenáil acu chun chun iad féin a choimeád slán agus bheith i mbun na hoibríochtaí de réir mar a deir sainordú agus an rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, rún 1701.”
Dúirt sé go raibh sé féin ar dhualgas le fórsaí coimeádta na Náisiúin Aontaithe idir Bealtaine agus Nollaig 2024 agus go raibh go leor foghlamtha aige agus a chomrádaithe ann.
“Nuair a tháinig muid abhaile i mí na Nollag i 2024, chuir na ceachtanna a d’fhoghlaim muidne agus na rudaí a rinne muid go maith agus na rudaí nach ndearna muid chomh maith sin, chuir muid i bhfeidhm é leis an traenáil le haghaidh an chathlán a bhí ag dul amach i mí na Bealtaine i 2025,” dúirt an choirnéal.
“Bhí an traenáil an-ghéar, an-dian agus bunaithe ar ceachtanna a d’fhoghlaim muid i 2024 – so nuair a chloiseann tú ár urlabhraí ag rá go bhfuil an traenáil againn, sin é atá i gceist aige nuair a deireann sé sin.”
Thug Ó Fátharta léargas freisin ar an gceantar ina raibh saighdiúirí na hÉireann ag feidhmiú.
“Tá sé thart ar seasca ciliméadar ar fhaid ón Meánmhuir go dtí teorainn Syria agus ansin ó thuaidh ón Líne Gorm go dtí abhainn an Litani agus tá an cathlán Éireannach Éireannach lonnaithe sa limistéar taobh thiar don limistéar UNIFIL.
“Tá cúig chathalán sa limistéar sin in eagar clasaiceach míleata trí chathalán chun tosaigh ar an Líne Gorm agus dhá chathalán ar chúl ag tabhairt tacaíochta do na cathaláin atá ar an Líne Gorm agus an cathalán Éireannach/Polainneach.”
Bhí Ó Fátharta den tuairim go bhféadfadh an chogaíocht leanuint seachtain nó dhó eile mar nach raibh fiú seachtain caite ó thosnaigh na h-ionsuithe ar an Iaráin bíodh is go raibh siad in éadan SAM, an fórsa is mó armtha ar domhain, agus Iosrael, a raibh go leor airm acu freisin.
“Ní achar an-fhada é sin, so déarfainn go bhfuil seachtain nó dhó eile gur féidir leo a bheith in ann gníomhaíochtaí a bheith acu in aghaidh Iosrael agus in aghaidh na tíre atá timpeall orthu atá ag tabhairt tacaíocht do Mheiriceá agus do Mheiriceá go háirithe aríst.”
Dúirt sé freisin go bhféadfadh an Iaráin ionsuithe a spreagadh ó fhórsaí ar nós Hizbollah sa Liobáin, na Houthis i Yemen agus Hamas i nGaza agus nocht sé a bharúil gur ar éigean go mbeadh suim ag SAM trúpaí a chuir isteach sa tír de bharr chomh suaite is a raibh cúrsaí.
“Ní dóigh liom go bhfuil aon tóir ag Mheiriceá saighdiúirí a chur ar an talamh so is cineál cogadh aeir a bhéas ann, cogadh diúracháin, cogadh drón.”
D’aithin sé go raibh go leor dochair déanta do cheannasaíocht na h-Iaráine tar éis gur maraíodh an Ayatollah Khamenei agus go leor eile don aos ceannais ach go mbeadh daoine eile a chuirfeadh a lámha suas chun a n-áiteanna a ghlacadh.
“Mar is gnáth le le rudaí mar seo tá daoine ann atá atá sásta seasamh suas agus an chéad chéim eile a thógáil ó thaobh ceannaireacht de sna heagraíochtaí sin déarfainn.
“Beidh an míshuaimhneas sin ann ar feadh píosa.”
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say