We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Rinne Kevin O'Hara, ball sinsireach Shinn Féin i nGaillimh Thiar cáineadh géar ar cheannaireacht an pháirtí as plé faoi thábhacht na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur faoi chois san fhothoghchán do Ghaillimh Thiar. Leah Farrell

Cinneadh 'gan ciall' Shinn Féin ball a smachtú faoi cháineadh faoi iarrthóir gan Ghaeilge

Tá ceannaireacht Shinn Féin faoi íonsaí mar gheall ar an chinneadh ball den pháirt a smachtú mar gur cháin sí Mary Lou McDonald as ucht iarrthóir gan Ghaeilge a roghnú d’fhothoghchán Gaillimh Thiar.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ CÁINEADH LÁIDIR déanta ag ball sinsearach de Shinn Féin i nGaillimh Thiar as cinneadh ceannaireacht an pháirtí smacht a chur ar bhall a cháin an cinneadh iarrthóir gan Ghaeilge a roghnú le seasamh sa bhfothoghchán i nGaillimh Thiar i mí Bealtaine.

Dar le Kevin O’Hara, a raibh a ainm féin san áireamh le bheith mar iarrthóir don bhfothoghchán inar roghnaíodh Mark Lohan le seasamh don pháirtí, “níl ciall ná réasún” leis an gníomh smachta atá á ghlacadh in éadan Máirín Mhic Lochlainn.

Cháin Mhic Lochlainn, ball de Chumann Mháirtín Uí Chadhain agus bean a sheas don pháirtí i dtoghcháin áitiúla,  an cinneadh gan iarrthóir le Gaeilge a roghnú chun troid ar son an tsuíocháin a d’fhág Catherine Connolly nuair a toghadh ina hUachtarán iar-Theachta Dála Ghaillimh Thiar anuraidh.

Le linn an fheachtais, dúirt sí go raibh baill an pháirtí i gConamara tinn tuirseach de cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus nach raibh aon mhuinín ag a craobh, as an gceannaire.

Dúirt O’Hara gur thuig sé “go hiomlán cén fáth go raibh frustrachas ar Máirín nuair a cheap Sinn Féin duine gan Gaeilge agus gan cur amach ar Chonamara mar iarrthóir sa bhfothoghchán”.

Is rúnaí Comhairle Cheantair Shinn Féin é O’Hara i nGaillimh Thiar ach dúirt sé le The Journal go raibh sé ag labhairt ar bhonn pearsanta. 

Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé de nós ag “Sinn Féin go leor cainte a dhéanamh faoi thábhacht na Gaeilge agus na Gaeltachta ach tá daoine ag súil le beart de réir briathar.”

Tháinig a ráiteas agus go leor fócais ar pholasaí an pháirtí i leith na Gaeilge tar éis gur mheall físeán ar na meáin shóisialta ina raibh Lynn Boylan, feisire SF i bParlaimint na hEorpa, breis is 7m féachaint agus go leor cáineadh.

Is amhlaidh gur cháin Boylan an tAontas as gan ateangaireacht a chur ar fáil don gcruinniú agus dúirt nach mbeadh sí ábalta labhairt i nGaeilge mar gheall ar seo. Dúirt cathaoirleach an chruinnithe go raibh ateangaireacht ar fáil ón nGaeilge agus ansan dúirt an fheisire nach raibh a horáid ullamh as Gaeilge.

Cháin O’Hara freisin an cinneadh ag an bpáirtí gan teacht go Gaillimh Thiar chun labhairt le baill áitiúla mar chuid d’athbhreithniú ar thorthaí an fhothoghcháin — an toradh is measa ó 2007 don bpáirtí sa toghcheantar.

Chuir sé an locht ar cheannaireacht an pháirtí agus ar Mhairéad Farrell as a chinntiú “nach raibh plé ceart ar thábhacht na Gaeltachta agus na Gaeilge.”

D’iarr The Journal ráiteas ó Shinn Féin ar ráiteas O’Hara. Dúirt urlabhraí an pháirtí nach ndéanann Sinn Féin trácht ar phróisis inmheánacha an pháirtí agus iad ar bun.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds