We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bhí na sluaite i láthair ag sochraid Mháire Ní Bhraonáin in a paróiste dúchais i nGaoth Dóbhair inniu. Eamonn Farrell

'Mheall sí lena glórthaí mé' - slán ceolmhar fágtha le banríon na n-amhrán, Máire Ní Bhraonáin

Bhí Aifreann lán de cheol i nGaoth Dóbhair chun slán a fhágáil le Máire Ní Bhaonáin a cailleadh ag tús na seachtaine.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

D’FHÁG A CLANN, a comharsain agus cáirde go leor slán ceolmhar le comhbhunaitheoir agus príomhamhránaí Clannad, Máire Ní Bhraonáin, le hAifreann lán le hamhráin agus paidreacha a roghnaigh an t-amhránaí féin sular cailleadh í ag tús na seachtaine.

Bhí an séipéal beag, Eaglais Phádraig Naofa i Mín a’Bhaoill i bParóiste Ghaoth Dobhair, lán go doras agus na sluaite lasmuigh tar éis go raibh lucht freastal na socraide tar éis bheith ag teacht ann ó mhaidin ar bhusanna. Toisc gur séipéal beag atá ann, deineadh achainí gan carranna a thabhairt chomh fada leis an eaglais.

Tugadh taisí an amhránaí isteach sa séipéal i gcónra fíte as craobhacha saileach agus bhí sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, ann chun fáilte a chur roimh an tsocraid agus muintir agus comharsain an amhránaí.

Sular thosnaigh an tAifreann, chuir iníon Mháire, Aisling, in iúl na siombail ar shaol Mháire a bheadh á gcur ar taispeáint le linn an Aifrinn, ina measc a cláirseach, suaitheantas ar ribín ón gceolchoirm dheireanach ar sheinn sí agus geansaí CLG Thír Chonaill.

Bhí teaghlach Mháire, a fear céile, Tim Jarvis, Aisling agus Paul, ann, mar aon le deartháireacha an amhránaí i gClannad, Ciarán agus Pól, mar aon lena siblíní eile. Bhí a máthair, Máire (Baba), ag faire ar an tsochraid a raibh á sruthú ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta mar aon leis an tseirbhís sruthaithe atá ag an séipéal féin.

D’fhreastal an Ceannfort Barry Dolan ar an tsochraid thar cheann Uachtarán na hÉireann agus b’é aide de camp an Taoisigh, an Ceannfort Joseph Glennon, a rinne ionadaíocht ar son Mícheál Martin.

Baill U2 i láthair

Ba liosta le háireamh iad na ceoltóirí a bhí i láthair chun ómós a léiriú dá gcara agus dá gcomhleacaí. Ina measc bhí Mairéad Ní Mhaonaigh (Altan) agus Máiréad Ní Dhomhnaill (Skara Brae), Cormac de Barra, a bhíodh ar ardán go minic le Máire, Clann Mhic Ruairí ó Rann na Feirste agus baill den ghrúpa U2.

Bhí taifead de ghuth Mháire féin le cloisint agus í ag canadh an tsailm le linn an Aifrinn. Chan Cór Phádraig agus Cór Mhuire — dhá chór lenar chan Máire agus í beo — an churfá.

Bhí tús ceolmhar leis an searmóin agus líne ó amhrán clúiteach Conallach, Mheall sí lena Glórtha mé, á chanadh ag an sagart — ceann de na hamhráin sin a chuir Máire agus Clannad i láthair lucht éisteachta na cruinne. Thug sé cuireadh don slua a raibh i láthair sa séipéal é a chanadh leis, cuireadh a ghlac siad leis go fonnmhar.

Dúirt sé gur chuaigh sé ó thigh an fhaire trasna go tigh bhaile Mháire, áit a raibh a máthair, Baba, sa leaba.

“Shuigh mé ag taobh na leapa, agus ar feadh seal, bhí suaimhneas naofa, ciúnas cráifeach, gan focal ráite, agus ansin, mar is dual daoithe, go séimh agus go húdarásach, na chéad fhocail a labhair Baba liom, dúirt sí: ‘Mheall sí lena glórtha mé…’”

Bhí go leor tagairtí sa searmóin d’amhráin a chanadh Máire, ina measc ‘Caisleáin Óir’, amhrán a thug leid luath den stíl Cheilteach a thuill Clannad clú as ceannródaíocht a dhéanamh uirthi.

“An oíche sin, agus na caisleáin óir le feiceáil go lonrach amuigh ag bun na spéire, agus grian gheal an lae ag gabháil faoi ar chúl Ghabhla do chodladh na hoíche, thit suaimhneas domhain, diamhair ar feadh seal,” dúirt an tAthair Ó Fearraigh.

Bhí guth binn an cheoil ina thost, téada teanna na cruite, sa choirnéal ina shuí go socair,suaimhneach, le máistreás an cheoil í féin, Máire faoi shuain an bháis.

Dúirt an sagart go mbeadh “an bhean uasal seo molta go hard na spéire” dá mbeadh sé féin ina thost.

“Dá mbeinnse i mo thost anseo inniu, bheadh an bhean uasal seo molta go hard na spéire ag a bhfuil ráite agus scríofa, ceolta agus seinnte fá dtaobh di go dtí seo.

“Ach, thar rud ar bith eile, focail scríofa, nó briathra labhartha, tá Máire Ní Bhraonáin molta ag a cuid ceoil agus cruitireachta féin, ag an saol maith ionraic, séimh atá caite aici ar chraiceann na cruinne seo, agus is maith mar atá,” dúirt sé.

An Mhaighdean Mhara

Seachas an searmóin, ba le ceol a chuir a clann agus a cáirde a mothúcháin in iúl. Bhí sé mar sin ón tús nuair a bhí taifead de ghlór a mic, Paul, agus é ach ceithre bliana d’aois, á sheinm — é ag rá “Peacemaker,” páidir de chuid Naomh Proinsias a chuir Máire féin ceol leis — agus a corp á iompar isteach sa séipéal.

Bhí a cáirde in Tea with the Maggies, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Máiréad Ní Dhomhnaill, ann chun a slán a fhágáil léi nuair a chan siad ‘An Mhaighdeán Mara’. Le linn na Comaoine, bhí an dá chór ag canadh agus chan Cormac de Barra an iomann a chuir Seán Ó Riada ceol leis, Ag Críost an Síol. Chan Daniel agus Majella O’Donnell iomann freisin, Here I Am Lord.

Agus le linn an tseal chiúin machnaimh tar éis na Comaoine, sheinn de Barra, in éineacht le Ciarán agus Pól Brennan, an fonn ‘Eleanor Plunkett’ lena slán a fhágáil le Máire.

Tar éis sin bhí guth Mháire le cloisint arís agus taifead á sheinm agus í ag canadh Perfect Time, amhrán a chan sí don Naomh Pápa Eoin Pól II, ag an Aifreann don Óige i Lúnasa 2000 sa Róimh. Bhí 2.7m i láthair ag an Aifreann sin. Mar a dúirt an tAthair Ó Fearraigh: “Seo mise a cheap go raibh gig mhór agam inniu.”

Bhí cúramaí Cóineartaithe ar Easpag Ráth Maoláin, Niall Coll, ar Árainn Mhór agus ní fhéadfadh sé bheith i láthair. Sa teachtaireacht a léigh an tAthair Seán Ó Gallchóir ón altóir, dúirt an tEaspag go raibh Máire “ina droichead idir creideamh agus cultúr, agus trína guth agus a cuid ceoil, fuair go leor daoine léargas agus taithí ar an Dia tarchéimnitheach.”

Ní raibh deireadh leis an gceol. B’iad cáirde Mháire, Clann Mhic Ruairí, a chan ag an deireadh, Thíos Cois na Trá Domh, le tionlacan ón dá chór agus taisí an amhránaí á hiompar amach ón séipéal ar a slí chun na reilige, in Úrchill Mhuire, Machaire Gathlán, áit nach bhfuil i bhfad ón trá agus áit a bhfuil a muintir curtha.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds