Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
This article was brought to you by our brand-new Gaeltacht team. For an English version, please click here.
NÍ GÁ TAYLOR Swift a chuir in aithne d’éinne ach tá amhránaí ó Chontae na Mí a bheidh ag seinnt ag an Electric Picnic an deireadh seachtaine agus tá a lucht leanúna ag tabhairt ‘Gaeilgeoir Swift’ uirthí de bharr na cosúlachtaí idir í agus an réalt Meirceánach a d’fhogair an tseachtain seo go raibh sí idir dáil agus pósadh.
Bean ildánach í Lisa Murray ón mBaile Ghib i nGaeltacht na Mí agus tá a cuid amhráin – ina measc leaganacha Gaeilge d’amhráin Taylor – agus tá si ar dhuine de chúig rannpháirtí i scéim nua chun ceol comhaimseartha trí Ghaeilge a spreagadh.
Glór Ár Linne is ainm do scéim Ráidió Rí Rá le tacaíocht ó Chomhairle Chathrach Átha Cliath agus Éire Ildánach agus beidh na rannpháirtithe ar an ardán sa Chollchoill ag an Picnic.
Ag labhairt di le The Journal, dúirt Lisa go raibh sí páirteach sa scéim mar ealaíontóir nó oirfideach agus mar mheantóir.
“Bím ag déanamh na gigeanna agus ag tapú na deiseanna go léir atá ar fáil dos na ceoltóirí ar an scéim agus, chomh maith le sin, bím ag obair mar léiritheoir agus mar innealtóir fuaime leis na ceoltóirí eile.”
Mhínigh sí go raibh sé deacair briseadh tríd i saol an cheoil agus, mar sin, bhí uirthí bheith ina “jack of all trades”.
The Hazelwood - An Chollchoill line-up is here! 🧚🪵🌳🎶✨
— Electric Picnic (@EPfestival) August 14, 2025
With music, poetry, comedy and performance art taking place all weekend, likeminded people congregate to warm their hands over the fire and enjoy all that whimsical Hazelwood has to offer 🌿🎶🪵
After the fall of dark,… pic.twitter.com/Yod2B5hwun
Ní h-aon scéal sí oíche atá i gceist leis an aistear atá tugtha go dtí seo ag Lisa go dtí an Picnic. Chaith sí na blianta, mar a mhínigh sí féin, ag cumadh amhráin ina seomra codlata agus ansan bhain sí céim amach sa cheol agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus rinne sí Máistreacht ina dhiaidh sin.
Le linn na paindéime, rinne Lisa a céad singil a thaifeadadh sa bhaile agus rinne staisiúin ráidió ar fuaid na tíre an amhrán ‘i unfollowed u’ a sheinnt breis is 3m uair le linn 2022.
Is mar gheall ar an amhrán Gaeilge Uaigneach, amhrán a chum sí mar gheall ar bheith ag fágaint an baile le dul ar imirce, a thuill sí an ainm ‘Gaeilgeoir Swift’.
Dúirt Lisa go raibh sí thar a bheith sásta leis an dteideal sin. “Nuair a thosnaigh mé ag cur físeáin suas ar Tik Tok, nuair a d’éisigh mé Uaigneach, bhí mé ag déanamh go leor físeáin chun an scéal a scaipeadh agus chuir duine teachtaireacht ar cheann de mo chuid físeáin ‘Gaeilgeoir Swift” – Taylor Swift dos na Gaeilgeoirí.
“Ní raibh aithne agam ar an duine sin ach cheap mé go raibh sé chomh, chomh greannmhar – is Swiftie ollmhór mé, chuaigh mé go dtí an Eras Tour trí uair, tá mé as mo mheabhair faoi Taylor Swift.”
Dúirt sí freisin gur dhein sí leagan Gaeilge d’amhrán Taylor, Love Story.
Deir sí sur seo an am chun a bheith ag amhránaíocht as Gaeilge.
“Tá dóirse ansin ar féidir leat oscailt leis an nGaeilge agus an cheol agus tá lucht féachana ann agus pobal iontach Gaelach ann faoi láthair agus tá siad ag iarraidh rudaí a chloisteáil trí Ghaeilge agus ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do gach rud a bhaineann leis an teanga faoi láthair – is am iontach é don Ghaeilge agus don teanga faoi láthair.”
Anois tá sí ar tí aisling eile a fhiorú – beidh sí ar an ardán ag an Picnic Leictreach don gcéad uair oíche Dé hAoine agus tá sí ag súil go mór leis.
“Más Gael tú atá grá agat do Taylor Swift, beidh tú gafa le mo chuid ceoil,” dúirt sí, agus gheall sí sa bhreis ar sin go mbeadh go leor dá h-amhráin féin, mar aon le leaganacha Gaeilge d’amhráin eile a aithneoidh an eisteoir. Uair a chloig ‘girly agus Gaelach’ atá geallta aici don slua a bheidh i láthair.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say