Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
LAST UPDATE | 27 May
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
ROIMH DHEIREADH NA seachtaine seo seolfar an cluiche consail is nuaí agus Gaeilge á h-úsáid ann – Gaelic Football Laochra – ceann de líon atá ag fás de chluichí leictreonacha as Gaeilge atá á fhorbairt ar fud na tíre.
Léiriú é seo ar an bhfás atá ag teacht ar úsáid na Gaeilge i bhfís chluichí agus cé go bhfuil bacanna ar an bhfás seo, tá forbróirí ag déanamh iarrachtaí an teanga a shníomh isteach i bhforbairt na gcluichí nua seo.
Sampla é GFL ón gcomhlacht Feirsteach, Buckeejit Games, den teicneolaíocht agus an teanga ag meascadh go nadúrtha. Tá ainmneacha na gcluichí á dtabhairt i nGaeilge agus tá rianta ó ghrúpaí aitheanta Gaelacha, Huartán agus IMLÉ, á n-úsáid san fhuaimrian.
Agus é ag labhairt le The Journal, dúirt Peadar McMahon ó Buckeejit Games gur theastaigh uathu an oiread Ghaeilge a úsáid is a bhféadfadh siad taobh istigh d’acmhainní srianta.
“Bhaineamar úsáid as ‘Laochra’ sa teideal mar gur theastaigh uainn rud éigean a bheadh uathúil agus ina aitheantas freisin ar an nGaeilge nach bhféadfaimís a chuir san áireamh sa chluiche féin,” dúirt sé. “Liostáilimíd ainmneacha na gcontaethe as Gaeilge ach sin an méid is mó a fhéadfaimís déanamh.
“Ba bhreá linn aistriúchán iomlán agus trachtaireacht ach níor lig an am, na h-acmhainní ná an t-airgead dúinn,” dúirt sé, ag tabhairt le fios go mbeadh siad san áireamh dá mbeadh go leor éilimh ar an gcluiche a bheidh ar fáil don Playstation, an Xbox agus ar Steam ón Aoine beag seo.
Níl i gceist le GFL ach an cluiche is déanaí atá ag baint úsáide as an nGaeilge. Is comhlacht amharclainne is phuipéid ó Luimneach iad Beyond The Bark ach le déanaí thug siad faoi chluiche a fhorbairt agus is é Éalú, cluiche faoi luch ag iarraidh teacht slán ó lúbra agus é léirithe sa stíl ‘stop motion’.
Ivan Fisher-Owen, Meirceánach a bhog go Luimneach áit ar chas sé lena bhean Emma, bunaitheoir Beyond The Bark, a rinne an anamúlacht ar fad don cluiche ina sheid gháirdín agus dúirt seisean gur theastaigh uaidh go mbeadh ceangal idir an cluiche agus an áit ina raibh sé curtha le chéile.
Fuair sé cabhair freisin ó léachtóir le Gaeilge i gColáiste Oideachais Mhuire Gan Smál sa chathair, rud a raibh ina thacaíocht mhór do ghaelú Éalú.
Dúirt seisean go raibh breis is 6,000 cóip den cluiche díolta ar fud an domhain agus go raibh imreoirí aige i Kazahkstan agus na Stáit Aontaithe.
‘Scannán ciúin’ atá ann i bhfoirm cluiche, dúirt sé, ach go raibh cláracha treoracha is eile ann i nGaeilge, rud a raibh ag spreagadh suime seachas imní nó neamhthuiscint i measc an lucht imeartha dúirt sé.
“Tá daoine feicthe agam, daoine a bhíonn ag saothrú slí beatha, sruthaitheoirí agus a leithéid, agus iad ag imirt an cluiche agus osclaíonn siad é agus bíonn siad ag léamh na gcláracha freisin agus níl a fhios acu cén teanga é, téann siad agus déanann siad taighde agus faigheann siad amach gur Gaeilge atá ann,” dúirt sé.
“Táimid ag súil go mbeidh sé ina slí isteach don Ghaeilge do dhaoine nach mbeadh tar éis bheith i dteagmháil léi roimhe sin.”
Duine eile atá ag plé le cluichíocht agus atá ag sníomh an Ghaeilge isteach ina cuid oibre le tamall de bhlianta ná an forbróir is an imreoir cluichí Úna-Minh Chaomhánach (Kavanagh).
Bhuaigh an cluiche is déanaí a chum sí, Domhnach na nDeascán, duais ag Game Jam a reachtáladh faoi choimirce na Gradaim Scéal Ealaíne/Narrative Design Awards. Bhí uirthí an cluiche, a chuireann sí síos air mar scéal faoi bheirt chailín i gCorca Dhuibhne agus iad ag bailiú fuíollach an Fhómhair ag deireadh mhí Lúnasa, a chuir le chéile in achar gar ama.
Bhí ról lárnach ag Úna-Minh i bhforbairt Eyes of Hellfire, scéin chluiche ina bhfuil carachtairí éagsúla ar nós Fionn agus Orla agus ar bhuaigh ceithre dhuais ag Gradaim na gCluichí Éireannacha/Irish Game Awards, ach ní doigh léi go bhfuil an Ghaeilge tar éis dul i bhfeidhm ar réimse na gcluichí go fóill.
“Tá an Ghaelainn le feiscint i gcluichí mar shampla Among Us, VVVVVV, Axyz gaus Crowded.Followed. agus is rud ana-dheas é a dh’fheiscint, ach níl éileamh mór uirthi fós i dtaobh cluichíochta de.
“É sin ráite, is féidir daoine, comhlachtaí ‘gus pobal an t-éileamh sin a chothú.”
Dúírt sí go mbeadh sé dúshlánach cluichí a chruthú ina mbeadh an Ghaeilge lárnach ann.
“Ní rud éasca nó simplí cluiche a chruthú agus de ghnáth bíonn foireann forbartha uait,” dúirt sí. “Tógann cluiche, tríd is tríd, idir 2–5 bliana le chur le chéile agus is rud ana-chostasach é leis.”
Chuir sí fáilte roimh chomhpháirtíocht TG4 sa Gamer Fest a raibh ar bun san RDS i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo cáite.
“Is iontach an rud é go bhfuil TG4 mar “Comhpháirtí Oifigiúil” an ‘GameDev Zone’ ag GamerFest mar go bhfuil sé tábhachtach go gcífidh na gnáthdhaoine iad mar chomhlacht athá ar aon intinn leis an bpobal agus treocht an mhargaidh mar shampla.
“Is earnáil ollmhór é tionscal an chluiche.”
Ag labhairt di le The Journal, dúirt Ard Stiurthóir TG4 Deirdre Ní Choistín go raibh suim ag an craoltóir ‘spásanna sábháilte’ a chruthú ina mbeadh páistí óga ábalta bheith ag spraoi ar scáileáin.
“Táimid ag iarraidh breathnú air ó thaobh cá luíonn b’fhéidir ábhar Gaeilge agus TG4, sa spás sin chomh maith agus go háirithe ag díriú b’fhéidir ar páistí agus daoine óga go bhfuil muid in ann díriú orthu i spás níos sábháilte ar líne ach go mbeadh ábhar siamsúil nua ar bhealach eile á chur ar fáil chomh maith so is is rud é go bhfuil an-suim againn forbairt ann chomh maith,” dúirt sí.
Aon áit a bheas scáileán agus go mbeidh lucht féachana ann is dócha tá dualgas ar TG4, breathnú ar cén fáth go mbíonn daoine i mbun na spásanna sin agus bhfuil bhfuil áit ann don Ghaeilge agus go bhfuil muid in ann a bheith nuálaíoch agus lárnach in sna meáin nua atá le teacht.
Thug sí le fios freisin go raibh an suim á léiriú ag Fís Éireann/Screen Ireland sa réimse seo, maraon le Scáileáin Thuaisceart Éireann/Northern Ireland Screen agus thagair sí freisin don scath eagras d’fhorbróirí chluichí, Imirt.
Chuir Imirt liosta le h-áireamh de chluichí chuig The Journal ina bhfuil iarrachtaí déanta an Ghaeilge a úsáid iontu. Ina measc tá The Corner Cafe, Fallosophy, Protect the Pit, Dicey Dungeons, Super Hexagon, The Little Acre, Daemonium, Factorio, Foundation, Lumo 2, Mini Metro, Rise of Piracy, Crowded Followed., If Found…, #DRIVE Rally, Dwarf Guild Mania, Backpack Hero agus Familiar Findings.
Dúradh go raibh an suim sa Ghaeilge i measc forbróirí ag fás go gasta.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say