We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Tá Plaid Cymru, páirti a bhiodh ag agóidiocht taobh amuigh d'fhoirgintí Rialtas na Breataine Bige, anois i gcumhacht ann Concubhar Ó Liatháin

Rialtas nua Plaid Cymru na Breataine Bige dírithe ar sprioc 1m cainteoir Breatnaise roimh 2050

Is í Anna Brychan an Stát Runaí don Oideachas agus don Bhreatnais sa rialtas nua Plaid Cymru sa Bhreatain Bheag agus labhar sí le The Journal faoi na dúshláin agus na h-uallimhianta aici faoina tír dhúchais bheith ina thír dhá theangach.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

AN CHÉAD RUD a thárla nuair a ceapadh Anna Brychan ina Stat Rúnaí Oideachais agus Breatnaise i Rialtas na Breataine Bige le déanaí ná gur tháinig stat sheirbhíseach chuicí agus a comhleacaithe Rialtais le lán a dhá lámha de lainnéir aitheantais a d’fhógair gur cainteoirí líofa Breatnaise abea iad. 

Tá sé suntasach go bhfuil cúram na Breatnaise ar Brychan, mar aon leis an oideachas, comhartha cinnte ar an tábhacht a leagann a páirti ar an dteanga.  

Ní a páirtí amháin a chreideann go bhfuil an Bhreatnais tábhachtach nó bhí an Lucht Oibre i gcumhacht ar feadh i bhfad agus b’iad an pháirtí sin a d’fhógair an sprioc go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050. 

Is sprioc é sin atá an rialtas nua sásta oibriú ina treo.  

Agus í faoi agallamh le The Journal mar chuid de shraith atá á fhoilsiú faoi ceachtanna na Breatnaise don Ghaeilge, thug an Stát Rúnaí Brychan an méid sin chun cuimhne ar a ceapachán i mí Bealtaine tar éis gur éirigh lena páirtí, Plaid Cymru, an líon is mó suíocháin a bhuachaint i dtoghchán don Senedd/Comhthionól na Breataine Bige i gCardiff. 

Ar na lainnéir a thug an stat seirbhíseach do Brychan agus a comhleacaithe sa chaibinéad tá bobailín cainte oráiste, comhartha a thugann le fios go bhfuil an duine a chaitheann ceann acu sásta an Bhreatnais a húsáid ina saol oibre.   

Is scéim é seo dar teideal Iaith Gwaith agus tá sé in úsáid ar fud na Breataine Bige chun daoine a spreagadh an teanga a úsáid ina n-áiteanna oibre,  agus bhí an stat seirbhíseach ag déanamh talamh slán go mbeadh Breatnais ag na h-airí nua i rialtas na Breataine Bige.  Nach iad Plaid Cymru Páirtí na Breataine Bige agus ba ghníomhaithe teanga baill an pháirt an oiread is gur gníomhaithe polaitiúla iad. 

“Tá an Bhreatnais ag croílár an slí a fhéachaimíd orainn féin agus táimid ag iarraidh go dóite freagra a thabhairt do phobal na Breataine Bige ar bhonn níos linne, is leosan an Bhreatnais, is linn go léir í, cé acu an labhraimíd í go liofa nó nach ndéanann,” dúirt Brychan. 

“Ach tá sé fiúntach a thabhairt chun cuimhne, nuair a iarraimíd ar phobal na Breatnaise, daoine óga go h-áirithe, deir 85% acu gur mhaith leo níos mó deiseanna í a labhairt sa chóras oideachais.

“Cuireann siad luach ard leis agus ní h-amháin gur mhaith leo deiseanna an teanga a úßáid ar scoil agus foghlaim trí mheán na Breatnaise, ach ba mhaith leo deiseanna í a úsáid sa phobal freisin nó ar obair nó agus iad ag spórt agus ag glacadh páirte in imeachtaí eile taobh den scoil.”

Múintear Breatnais sna scoileanna agus is ábhar riachtanach é go dtí go mbíonn an dálta 16. De réir reachtaíocht, ní mór do gach scoil plean seachadta Breatnaise bheith acu agus gach scoil is údarás áitiúil ag oibriú i dtreo na sprice go mbeadh 1m cainteoir Breatnais ann faoi 2050. 

Fén reachtaíocht seo tá scoileanna roinnte ina scoileanna in bhfuil an Bhreatnais chun tosaigh, cothrom na nGaelscoileanna in Éirinn; scoileanna Breatnaise agus Béarla agus scoileanna ina bhfuil an Bhéarla chun tosaigh ach ina múintear an Bhreatnais freisin. 

20260702_142533 Ceapadh Anna Brychan ina Rúnaí Stáit don Oideachas agus don Bhreatnais nuair a bhuaigh a páirtí, Plaid Cymru, an líon is mó suíocháin i dtoghchán Senedd na Bealtaine. Concubhar Ó Liatháin Concubhar Ó Liatháin

“Tá ionchas agann go bhfoghlaimeodh gach dalta i scoileanna na Breataine Bige an Bhreatnais agus go neartófar an ionchas seo faoin rialtas ionqa go mbeadh daoine ag foghlaim na Breatnaise go dtí leibhéal B2, de réir an Creatlach Foghlama Teanga Eorpach, ionas gur féidir leo i a úsáid sa phobal.

“Maidir le scoileanna a mhúineann trí mheán na Breatnaise, is é an sprioc atá againn go mbeadh 50% de scoileanna na tíre ag múineadh tri mheán na Breatnaise roimh 2050.:

Faoi láthair tá 24% de na scoileanna ag múineadh tri mheán na Breatnaise.

De réir an Daonáireamh is déanaí (2021), tá tuairim is 538,000 as daonra iomlán de 3.1m a deir go bhfuil siad ábalta Breatnais a labhairt ach deir suirbhé úsáid teanga a déantar go bliantúil go bhfuil isteach is amach le 830,000 a deir go bhfuil siad ábalta Breatnais a labhairt.

Tá uirlis eile ag rialtas Cardiff freisin chun an Bhreatnais a bhrú chun tosaigh, is iad san na h-údaráis áitiúla.  Tá freagracht ar gach údarás plean straitéiseach don oideachas Bhreatnais a aontú agus a chur i bhfeidhm agus cuireann seo san áireamh múineadh na teanga trasna an chórais oideachais agus tá spriocanna acu a chiallaíonn go gcaithfidh siad a gcuid iarrachtaí a threisiú go substaintiúil.

“Faoi láthair táimíd ag athbhreithniú na pleananna seo le cinntiú go bhfuil siad ag dul i dtreo na sprice atá againn le h-aghaidh 2050 nó an bhfuil gá le leasuithe eile.”

An oiread is go bhfuil ceist na tithíochta lárnach i mbeocht na Gaeltachta in Éirinn, tá sí ag croí na ceiste maidir le todhchaí na Breatnaise mar theanga labhartha ina gcroí cheantair sa Bhreatain Bheag. 

“Táimíd ag féachaint ar an rochtain atá ar thithíocht anseo freisin mar is é an rud a tharlaíonn anseo, mar a tharlaíonn in Éirinn, tá an bhrú ar stoc na tithíochta sna h-áiteanna is mó ina labhartar an Bhreatnais, i gcodanna iarthair na tíre.”

Dúirt sí go raibh go leor daoine ann le tithe saoire sna ceantair seo agus go bhfuil gaol idir an cheist sin agus costas na dtithe.

“Tá sé cinnte go bhfuil comhráití ag dul ar aghaidh faoi conas mar is féidir linn a chinntiú nach mbeidh na tithe ró chostasach do dhaoine óga ionas gur féidir le cainteoiri Breatnaise fánacht ina bpobail.”

Aithníonn sí freisin go mbíonn fonn ar dhaoine óga bogadh ós na ceantair tuaithe sin go dtí an chathair ar thóir oibre agus an saol soisíalta níos spleodraí ann.  Is duine í féin a bhog óna h-áit dúchais, Aberystwyth, go dtí Cardiff, áit a bhfuil cónaí uirthí le breis is scór bliain, áit atá sí ábalta anois, mar a tharlaíonn sé, a saol a chaitheamh trí Breatnais. 

 Cuid den bhéim atá aici agus a rialtas ná an fhostaíocht a chruthú a chinnteoidh go mbeidh daoine, lanúnacha ina measc, ag bogadh ar ais go dtí na croí phobail teanga, fostaíocht agus íocaíocht mhaith ag dul leis. 

Níl ach dhá mhí caite ó tháinig Plaid Cymru i gcumhacht agus ó ceapadh Brychan, tuigeann sí go maith go bhfuil obair mhór agus bóthar fada roimpí ach mothaíonn sí go bhfuil an athrú atá siad ag lorg ag titim amach cheana féin. 

062411_conference_009_n-treharne Tá an bobailín oráiste ar lainnéir shuaitheantais oibre ina chomhartha go bhfuil an t-é a chaitheann é ar a chompórd ag labhairt na Breatanaise sa láthair oibre. Nick Treharne Nick Treharne

Agus tugann sin ar ais sinn go dtí na lainéir a thug an stat seirbhíseach chuicí agus a comhleacaithe ar a gcéad lá sa rialtas. 

“Tuigim go bhfuil cúpla focal Breatnaise ag gach éinne, tá ‘bore da’ ag gach éinne ach ní fhéachaim ar dhaoine mar chainteoirí Breatnaise nó a mhalairt. amharcaim ar dhaoine amhail is go bhfuil siad ar thuras teanga. 

“Táimíd go léir ar bhus an dhá theangachachais agus ní h-ionann an áit a thosnaíonn tú agus a chriochnaíonn tú, tá rudai níos scaoilte anois, ní chuirimíd a chéile i mboscaí.

“Nílimíd ag déanamh scarúint idir an dhá chuid d’ár n-ionannas Breatnaise níos mó, ní chreidim go bhfuil.”

Mar léiriú ar an athrú atá ag titim amach, mhínigh sí scéal a teaghlach féin.  “D’fhoghlaim mo mhathair an Bhreatnais agus í fásta agus ní raibh sé ag m’athair agus é óg ach an oiread ach bhí teaghlach labhartha Breatnaise agam nó chuaigh mo pháistí ar scoil Breatnaise mar a chuaigh mé féin. 

“Anois tá mór chlann mo mhathair agus ní labhrann siad Béarla, sin rud atá ag éirí níos coitáinta.

“Táimíd níos mó ar ár gcompórd leis an teanga ná mar a bhímís, b’fhéidir.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds