Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
NÍ RAIBH PÁIRTÍ Nigel Farage ag beartú cosc ar litríocht toghcháin as Gaeilge i dTuaisceart Éireann fé mar ar tuairiscíodh níos túisce inniu, tugadh le fios i ráiteas chuig The Journal ó Reform UK.
Chuir leas-cheannaire an pháirtí Richard Tice agus feisirí eile, an t-iar-rúnaí baile de chuid na dTóraithe, Suella Braverman, ina measc, a n-ainmneacha le leasú ar reachtaíocht toghcháin a bhí le plé inniu i Westminster.
De réir an leasuithe sin bheadh cosc ar úsáid teangacha seachas Béarla agus Breatnais ar litríocht toghcháin agus bheadh pionóis le gearradh ar dhaoine a shárófadh na forálacha seo — téarma príosúin suas go sé mhí nó fíneáil, nó téarma príosúin agus fíneáil. Bhí na míreanna ar leith faoin bpionós a ghearrfaí i Sasana agus an Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann luaite go sonrach sa leasú a bhí á mholadh ag Reform UK, clásail 107.
Tuairiscíodh é seo sa Byline Times, suíomh idirlín sa Bhreatain, agus The National in Albain in altanna a leag béim ar an gcosc a leanfadh ar úsáid na Gàidhlig is Albáinis in Albain agus litríocht as Gaeilge nó Ultais i dTuaisceart Éireann.
Ní raibh na teangacha seo luaite go sonrach sa leasú a bhí á moladh ag Reform UK.
D’fhiafraigh The Journal ar Reform UK cad é a bhí á moladh acu.
“Deineadh an leasú a dhréachtú le go gcuirfí i bhfeidhm é i Sasana agus sa Bhreatain Bheag,” dúirt urlabhraí i ráiteas a eisíodh mar fhreagra ar ár bhfiosrú.
“Is é an aidhm atá aige ná sláine toghcháin trí chinntiú go dtroidfear iad i dteangacha baile na Ríochta Aontaithe, ag cur san áireamh teangacha ar nós Béarla agus Breatnais ach ag déanamh eisíamh ar theangacha ar nós Urdúis agus Beangálais, mar a bhí le tabhairt faoi ndeara le déanaí i Gordon agus Denton.
“Ar an slí céanna, tá ár gcuid Feisirí Parlaiminte in Albain ag scrúdú na bhféidearthachtaí maidir le Bille a thabhairt i láthair na Parlaiminte ansin le cinntiú nach dtroidfear toghcháin in Albain ach i nGàidhlig, Albáinis agus Béarla.”
Bhí sall agus anall ansan le Reform UK mar gheall ar an bhforáil a bhain le pionóis inar dúradh go sonrach go gcuirfí pionós ar dhaoine a bhain úsáid as teangacha seachas Béarla nó Breatnais in Albain agus i dTuaisceart Éireann.
“Botún riaracháin a bhí anseo — is amhlaidh gur athraigh Oifig sa Pharlaimint an leasú chun tagairt shonrach a dhéanamh d’Albain agus Tuaisceart Éireann nach raibh sa dréacht a mholamar sa chéad dul síos.”
Dhearbhaigh an urlabhraí i ráiteas eile arís go raibh an Bille curtha as an áireamh agus nuair a thiocfadh sé os comhair na Parlaiminte arís go mbeadh soiléiriú sonrach ar na ceisteanna seo le cinntiú nach mbeadh feidhm leis na moltaí seo ach i Sasana nó sa Bhreatain Bheag.
Nuair a céadtuairiscíodh go mbeadh cosc ar theangacha seachas an Bhéarla agus an Bhreatnais, mheall sé cáineadh ó pháirtithe ar nós Páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus Plaid Cymru sa Bhreatain Bheag agus ó Chonradh na Gaeilge in Éirinn.
Thagair Pádraig Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg don chosaint a bhí ag an nGaeilge ón reachtaíocht comhionannais agus teanga ó thuaidh — an reachtaíocht chéanna a bhunaigh oifig Choimisinéir na Gaeilge ó Thuaidh — agus an deireadh a cuireadh anuraidh leis an gcumas aisghairm a dhéanamh ar reachtaíocht ó ré na bPéin Dlithe ag cur cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Níl aon soiléireacht faoin dearcadh atá ag Reform UK ar chás na Coirní, teanga atá á labhairt go fóill i gCorn na Breataine Bige, agus páirtí ar leith ann ag glacadh páirte i dtoghcháin ansan, Mebyon Kernow.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say