We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bionn slua mór ag freastal ar Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta UCD agus cuirfear tús le h-eagrán na bliana seo an Luan seo chughainn Chris Bellew/Fennell Photography

Daoine ag teacht ó ar fud an domhain chun freastal ar Scoil Samhraidh Bhaile Átha Cliath

Meallann an scoil samhraidh i UCD rannpháirtithe ó Mheirceá, ó Cheanada agus, fiú, ón Nua Shéalainn a thagann go Baile Átha Cliath chun Gaeilge a fhoghlaim.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

SEO É SÉASÚR na gcoláistí Samhraidh agus tá na mílte déagóirí ag taisteal go dtí an Ghaeltacht ó gach cearn den tír chun a bheith ag foghlaim na Gaeilge, ag glacadh páirt in imeachtaí spraíúla agus ag dul go dtí na céilithe istoíche.

An tseachtain seo chugainn beidh dream ag taisteal go dtí an Ghaeltacht ach seachas a bheith ag dul siar i dtreo Chonamara nó ó dheas go Corca Dhuibhne, beidh siad ag dul go dtí Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta sa Ghaeltacht i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Tugtar an Ghaeltacht ar Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr.

Tá an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta ar bun anois ó 2017 agus ag fás leis i rith an ama ó shin agus is mó í ná riamh. I mbliana beidh breis is ceithre scór rannpháirtí ag freastal ar an tseachtain de ranganna is imeachtaí eile sa Ghaeltacht uirbeach ollscoile seo nuair a thosnaíonn sé ar maidin Dé Luain.

Is í Clár Ní Bhuachalla atá i mbun na Gaeltachta agus thug sí léargas ar an tarraingt idirnáisiúnta – agus áitiúil – atá ag an nGaeltacht san ollscoil.

“Tá 84 duine cláraithe do scoil na bliana seo, as an tír seo, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ísiltír agus an Ghearmáin agus cuid mhaith de dhaoine ón diaspóra ó Birmingham, Coventry agus Londain Shasana,” dúirt sí. “Tá roinnt baill foirne de chuid na hOllscoile linn freisin.”

An fáth gur cuireadh tús leis an nGaeltacht ná go raibh fonn ar údaráis na hOllscoile céad míle fáilte a chur roimh an bpobal go dtí an campas agus níos mó páirt a ghlacadh i saol na hollscoile.

“Theastaigh uainn ár seirbhísí agus campas na hOllscoile a oscailt don phobal agus, dar ndóigh, tagann Gaeltacht UCD faoi bhráid an aonaid ‘Rannpháirtíocht Domhanda’ (UCD Global Engagement), mar sin seirbhís a sholáthar don phobal i gcéin freisin,” arsa Ní Bhuachalla.

Bhí gné ag baint leis freisin sa mhéid is go léiríonn an Ghaeltacht ceann de théamaí oibre na hOllscoile – fréamhacha Éireannacha, raon domhanda – agus tá an réimse sin soiléir i gcúlraí na ndaoine atá ag freastal ar an nGaeltacht i mbliana agus a bhí rannpháirteach i mblianta roimhe seo.

Ar bhróisiúr na bliana seo tá teachtaireachtaí ann ó rannpháirtithe ó Éirinn is ó Shasana, ó Cheanada, ón Ísiltír, ón Ghearmáin agus ón Nua-Shéalainn.

Buntáiste atá ag an ollscoil ná go bhfuil lóistín d’ardchaighdeán ar fáil ar an gcampas – agus ar phraghas réasúnta.

Cé go mbeidh ranganna Gaeilge thar cúig leibhéal ón nglan-tosaitheoir (A1) go dtí an scoláire atá ag lorg deise chun slacht a chur ar an gcruinneas (C1), beidh réimse leathan imeachtaí eile agus siamsaíocht ann san iarnóin agus istoíche.  Is de réir an Frama Tagartha Eorpach do Theangacha atá na leibhéil sin rangaithe agus is iad an institiúid múinte Gaeilge ó lár na cathrach, Gaelchultúr, a bheidh ag solathar na teagascóirí oilte. 

Beidh deis ag rannpháirtithe scileanna bodhráin a fhoghlaim agus beidh ceardlann eile ann le haghaidh damhsa Gaelach. Tá an t-údar Ray Mac Mánas, a scríobh beathaisnéis Mháire Mhic Giolla Íosa, i mbun ceardlanna amhránaíochta agus beidh seisiún ceoil le Tristan Rosenstock agus Éire Ní Fhoghlú. Beidh Tráth na gCeist ann freisin chun deis a thabhairt don tionól idirnáisiúnta seo a leagan féin de ‘Corn an Domhain’ a reáchtáil.

Tá sraith cainteanna á reáchtáil freisin le haíonna ar nós Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Pól Deeds; ceannasaí Gaeilge Choimisiún na Meán, Muiris Ó Fiannachta; an tOllamh Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide, a bheidh ag caint ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge; agus an tOllamh Aoife Whelan ón ollscoil féin, a thabharfaidh caint ar scannánaíocht is an Ghaeilge. Tá an múinteoir ióga is an scríbhneoir Ciarán Mac Fhearghusa chun ranganna ióga trí Ghaeilge a theagasc freisin.
Is mó ná an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta an Ghaeltacht i UCD sa mhéid is go mbíonn scéim chónaitheach do mhic agus iníonacha léinn á reáchtáil ann le linn na bliana acadúla – scéim ina mbíonn an Ghaeilge mar theanga chumarsáide do na rannpháirtithe a fhaigheann lóistín ann. Bíonn imeachtaí agus cúrsaí éagsúla eile ar bun ann freisin i gcaitheamh na bliana.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil 

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds