Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
IS CEANN DE na dóigheanna is éifeachtaí é uasghráduithe fuinnimh tí chun do bhillí fuinnimh a laghdú, compord a mhéadú, agus do lorg carbóin a laghdú. B’fhéidir go mbíonn sé rud beag mearbhlach agus tú ag tosú, ach d’fheadfadh sé a bheith i bhfad níos simplí ná mar a shíleann tú, áfach.
Mura bhfuil iniúchadh déanta agat riamh ar éifeachtúlacht fuinnimh do thí a fheabhsú, léigh ár dtreoir maidir leis na chéad chéimeanna le glacadh agus uasghrádú fuinnimh tú á phleanáil agat.
Aimsigh an rogha deontais atá oiriúnach duit
Is é an dea-scéal go bhfuil réimse deontas uasghrádaithe fuinnimh tí curtha ar fáil ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) atá oiriúnach do bheagnach gach buiséad agus cúinse. Tá sé á dhéanamh níos éasca agus níos inacmhainne ná riamh chun do theach a dhéanamh níos teo agus níos tíosaí ar fhuinneamh.
Maidir le daoine áirithe, baineann solúbthacht níos mó le cur chuige céim ar chéim a ghlacadh – uasghrádú nó dhó a dhéanamh thar thréimhse ama. Mar thúsphointe, is úsáid shármhaith do chuid acmhainní ná infheistíocht a dhéanamh in insliú áiléir agus ballaí.
Os a choinne sin, más úinéir tí thú atá ag iarraidh níos mó ná uasghrádú amháin a dhéanamh d’aon iarraidh amháin, d’fhéadfá smaoineamh ar an tseirbhís Ionaid ilfhreastail . Leis an rogha deontais sin, cuirtear réiteach iomlán ar fáil maidir le huasghrádú fuinnimh tí trína ndéanann Ionad Ilfhreastail do thionscadal a bhainistiú ó thús go deireadh, agus d’iarratas ar dheontas san áireamh. Baineann siad luach roimh ré an deontais de na costais fiú, rud a bhíonn ina chuidiú mór le sreabhadh airgid maidir le tionscadail mhóra.
Déan measúnú RFF
Maidir leis na chéad chéimeanna, ní mór duit iarraidh ar mheasúnóir atá cláraithe leis an SEAI measúnú RFF (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh) a chur i bhfeidhm. Tríd an measúnú sin, sainaithneofar áit a bhfuil fuinneamh á chailleadh ó do theach agus leagfar amach leis na dóigheanna is fearr chun a éifeachtúlacht a fheabhsú. Beidh sé ina chuidiú leat freisin an réimse deontas a fhiosrú atá ar fáil chun tacú le do chuid uasghráduithe.
Insligh
An raibh a fhios agat gur dócha go bhfuil suas le 30% de theas do thí á chailleadh agat trí áiléir agus ballaí nach bhfuil inslithe go maith? Trí infheistíocht a dhéanamh in insliú, feabhsóidh tú compord do thí as cuimse tríd an teas luachmhar a choinneáil istigh den teach, agus an gá á laghdú le téamh leanúnach – agus do bhillí fuinnimh á laghdú agat ag an am céanna.
Agus leis na deontais fhlaithiúla atá ar fáil, idir suas le €1,500 chun áiléar a insliú agus €8,000 chun ballaí a insliú, is féidir le SEAI cuidiú go mór leat ag gach céim den aistear.
Cuir Foinsí In-athnuaite Fuinnimh leis
A luaithe agus a bheidh do theach inslithe go maith, is é an chéad chéim eile chun smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí in-athnuaite amhail teaschaidéil agus fótavoltachas (PV) gréine. Mar sin de, má tá córais téimh breoslaí iontaise á n-úsáid agat go fóill, amhail ola nó gás, ba cheart duit smaoineamh i ndáiríre ar an aistriú glan go teaschaidéal.
Is roghanna eile iad teaschaidéil in ionad córas téimh breoslaí iontaise atá fíor-éifeachtúil, a chruthaíonn teach níos teo agus níos sláintiúla trí theocht leanúnach, chompordach a choimeád ar feadh na bliana. Trí fhótavoltachas gréine a chur leis cuirtear go mór le héifeachtúlacht fuinnimh do thí mar bíonn do chuid leictreachais féin á ghiniúint agat.
Trí na hinfheistíochtaí fadtéarma sin cuirfear feabhas suntasach ar chompord do thí, agus ar ndóigh ar do shláinte féin. Murar cúis mhaith go leor í sin cheana féin, trí uasghrádú fuinnimh tí laghdófar d’ídiú fuinnimh agus do bhillí chomh maith.
Cuir iarratas isteach ar do dheontais SEAI inniu agus bain sult as teach atá níos tíosaí ar fhuinneamh a oibríonn ar bhonn níos éifeachtaí chun airgead a shábháil duit. Tabhair cuairt ar SEAI.ie chun an réimse iomlán deontas agus acmhainní a fhiosrú – agus glac an chéad chéim i dtreo tí atá níos teo, níos saoire le rith, agus níos inbhuanaithe.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say