Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
NÍOR GHLAC SÉ i bhfad ar Trump achrann a thosú nuair a shroich sé Éire Dé Sathairn.
I ndiaidh cruinniú agus fáilte dhea-bhéasa leis an Uachtarán Catherine Connolly – a bhronn cóip de dhán le Michael Longley dar teideal ‘Ceasefire’ ar Trump – chuaigh Uachtarán na Stát Aontaithe go Farmleigh le haghaidh cruinniú príobháideach leis an Taoiseach.
Ag labhairt dó le tuairisceoirí ina dhiaidh sin, dúirt Trump “gur bhreá leis Éire aontaithe a fheiceáil”, á rá go gcreideann sé go “dtarlóidh sé ar deireadh”.
Dúirt sé: “Ní theastaíonn uaim aon fhadhbanna a chruthú, ach déarfaidh mé an méid seo libh, ba mhaith liom [Éire] aontaithe a fheiceáil.
Ceapaim gur onóir mhór a bheadh ann do chách dá dtarlódh sé sin. “Tarlóidh sé ar deireadh,” a dúirt sé.
Rinneadh tuairisciú forleathan ar na tuairimí i nuachtáin ar fud an domhain, lena n-áirítear The New York Times, The Washington Post agus The Telegraph.
Ag labhairt dó ag Deerfield, áit chónaithe ambasadóir na Stát Aontaithe, tamall gairid ina dhiaidh sin, dúirt Trump: Is cuma cé chomh maith is a deir tú é, níl aon fhreagra maith air.
Faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998 (ar a dtugtar Comhaontú Bhéal Feirste freisin), comhaontú ar chuidigh lucht riaracháin na Stát Aontaithe faoi stiúir Bill Clinton leis maidir le cúrsaí idirbheartaíochta, is faoi lánrogha Rúnaí Thuaisceart Éireann atá an cinneadh reifreann aontachta a reáchtáil, agus ní féidir é a reáchtáil ach má aontaíonn tromlach mhuintir Thuaisceart Éireann leis an aontacht.
Caithfidh muintir Phoblacht na hÉireann vóta a chaitheamh i reifreann freisin.
Bhí frithradadh tapa ann ó cheannairí i gciorcail éagsúla aontachtacha i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain araon maidir leis na tuairimí a nocht Trump agus dúirt Andy Burnham, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe – a chothaigh conspóid dá chuid féin roimhe sin nuair a mhaígh sé nach raibh reifreann ar Éirinn aontaithe “oscailte a thuilleadh lena phlé” á rá nár athraigh a sheasamh.
Dúirt Farage gur “easaontaigh” sé le Trump freisin.
“Tá Tuaisceart Éireann ina chuid bhródúil agus lárnach den Ríocht Aontaithe,” a dúirt Farage ar X. “Ní theastaíonn reifreann ná aontacht ó mhuintir Thuaisceart Éireann.”
Ach cad iad na torthaí cuilitheacha a bhí ag na tuairimí fánacha a nocht Trump trasna Mhuir Éireann, agus níos faide i gcéin trasna an Atlantaigh?
Dúirt The New York Times gur bhris tuairim an uachtaráin an “nós” a bhain le seasamh neodrach oifigiúil na Stát Aontaithe maidir le cíbe ar cheart d’Éirinn agus do Thuaisceart Éireann a bheith aontaithe.
Dúirt an páipéar nach é sin an chéad uair a rinne Trump machnamh faoi aontacht na hÉireann, á rá go raibh sé sin “ag teacht lena chur chuige gan srian ar an ardán domhanda”.
Dúirt The Washington Post freisin gur bhuail Trump “ball bog polaitiúil”.
“Na tuairimí a nocht Trump Dé Sathairn — chomh maith le tuairimí le déanaí faoi Oileáin Fháclainne (críoch bheag de chuid na Breataine thar lear san Aigéan Atlantach Theas a thugann an Airgintín Las Malvinas uirthi), d’fhéadfaí breathnú orthu mar iarracht goineog a thabhairt don Bhreatain, i bhfianaise na feirge a bhí air faoi dhiúltú Londan baint a bheith acu i gcogadh na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine,” a scríobh The Washington Post.
Scríobh The Guardian nár chloígh tuairimí Trump le cur chuige a réamhtheachtaithe, a rinne iarracht an Teach Bán a choinneáil neodrach maidir le todhchaí bhunreachtúil na hÉireann.
Mar sin féin, “leis na tráchtanna fánacha a rinne sé, tugadh le fios nach raibh aon athrú ar bheartas na Stát Aontaithe.”
Ag scríobh dó in The Telegraph, dúirt iar-ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiún Aontaithe, John Bolton, nach bhfuil a chuid tuairimí faoi Thuaisceart Éireann “riachtanach ná cuí”.
Ina dhiaidh sin is uile, ní ag tabhairt cuairt ar Phoblacht na hÉireann atá sé i ndáiríre mar Uachtarán na Stát Aontaithe, ach mar úinéir ionaid gailf i nDún Beag, Contae an Chláir, áit a bhfuil Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann ar siúl faoi láthair.
“Is beag eolas atá ag Trump faoin domhan mór. Ní bhíonn suim aige rud ar bith a fhoghlaim de ghnáth toisc nach bhfuil gá le mionsonraí den sórt sin. Creideann sé go socraítear an caidreamh idir rialtais trí chaidreamh pearsanta a gceannairí,” a deir Bolton.
Deir sé freisin go bhfuil “dúspéis” Trump i gcaidreamh pearsanta tábhachtach, mar go ndeir sé, agus é ag tabhairt na dtuairimí ar aontacht, ag tagairt don Taoiseach, “Tá an fear ceart agat anseo chun tús a chur le himeachtaí.”
Cé go ndeir Bolton gur “fianaise leochaileach” atá ann, baineann sé an tátal as go raibh tuairimí Trump “d’aon ghnó, agus réamhbheartaithe fiú”, agus nach “línte míchúramacha iad ó fhear a dúirt an méid seo faoi féin”: ‘Is fear cainte mé. Is mian liom a bheith ag caint’”.
I bpíosa eile dar teideal “Léiríonn Trump a chuid tacaíochta d’athaontú na hÉireann, rud a sháraíonn blianta fada de bheartas na Stát Aontaithe”, cuireann The Washington Post i gcuimhne dúinn na hiarratais a rinne Trump chun an Ghraonlainn a ionghabháil agus chun an 51ú stát de chuid na Stát Aontaithe a dhéanamh de Cheanada.
“Leis an iarratas a rinne Trump ar athaontú na hÉireann, síntear an patrún sin chuig díospóid chríochach eile atá corrach ó thaobh na polaitíochta agus na staire de,” a scríobhann The Post, “rud a léiríonn a chlaonadh chun béal a chur faoi na noirm stuama agus na coimircí institiúideacha a bhaineann leis an ord faoi stiúir na Stát Aontaithe i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.”
To embed this post, copy the code below on your site
have your say