We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Gabriel Rosenstock, file agus údar, 1949-2026 Jason Symes

'Lorg ar leith' fágtha ag an bhfile, Gabriel Rosenstock, dar leis an Uachtarán

Craolfar clár trathnóna inniu ar RTÉ RnaG ina mbeidh taifid den bhfile agus é ag comhrá faoina dhialann ailse agus a chuid smaointe faoin mbás.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

D’FHAG GABRIEL ROSENSTOCK lorg ar leith ar shaol na scríbhneoireachta lena shaothar i nGaeilge, dúirt Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, inniu agus bás an fhile fógartha ar maidin.

Bhí Rosenstock, 76, breoite le tamall agus craoladh clár faoina dhialann ailse agus é ag iarraidh ciall a bhaint as an ngalar agus ceisteanna móra an tsaoil a réiteach le craoladh níos luaithe tráthnóna inniu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

B’as Cill Fhionáin i gContae Luimnigh dó ó dhúchas ach chaith sé formhór a shaoil i mBaile Átha Cliath, áit ar oibrigh sé leis an bhfoilsitheoir Gaeilge, An Gúm.

D’fhoilsigh sé breis is 400 leabhar i gcaitheamh a shaoil, a bhformhór acu i nGaeilge, ina measc saothair filíochta, aistriúcháin, úrscéal, prós agus aistí spioradáltachta.

Bhí luí ar leith aige leis an bhfoirm Seapánach, an haiku, agus foilsíodh na véarsaí seacht siolla déag i bhfoilseacháin Gaeilge éagsúla, ina measc an nuachtán laethúil Gaeilge, Lá/Lá Nua.

Maireann a bhean chéile Eithne, beirt iníon, Saffron agus Héilean, agus mac, Tristan. Cailleadh iníon eile, Éabha, taca an ama seo ceithre bliana ó shin.

D’fhreastal sé ar Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh i dtús na 1970idí, áit ar bhuail sé le filí Gaeilge aitheanta eile, Michael Davitt, Liam Ó Muirthille agus Nuala Ní Dhomhnaill.

Bhí an ceathrar acu faoi anáil an ollaimh Gaeilge is an fhile, Seán Ó Tuama.
D’fhoilsigh siad iris liteartha INNTÍ a bhain creathadh as saol litríochta na Gaeilge, foilseachán a aithnítear anois mar spreagadh do ghlúin nua scríbhneoirí agus aos úr filíochta sa Ghaeilge.

Ina ráiteas omóis,  dúirt an tUachtarán Connolly nárbh leor na teidil  “file, aistritheoir, drámadóir agus scríbhneoir ildánach” chun cur síos a dhéanamh ar an méid a bhí bainte amach ag Gabriel i gcaitheamh a shaoil.

“Tá sult agus tairbhe bainte agus fós le baint ag chuile aoisghrúpa as a chuid scríbhneoireachta,” dúirt sí.  “Cinnteoidh a chuid aistriúchán go mairfidh nasc idir ár dteanga agus cultúir uile an domhain.”

Rinne sí tagairt ar leith dá shaothar mar aistritheoir agus luaigh sí an méid a chur sé ar fáil ó scríbhneoirí móra an domhain lena réimse leathan aistriúchán, Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, K. Satchidanandan, Rabindranath Tagore, Hilde Domin agus Samuel Beckett ina measc.

Ba bhall é do Aosdána agus bhí sé ina Shealbhóir Ginealaigh le Celtic Buddhism is ina chathaoirleach ar Éigse Éireann.

Tráthnóna inniu craoladh an clár a rinne Gabriel Rosenstock lena mhac, Tristan, ar léiritheoir é le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Taifeadadh é — Gabriel Rosenstock – An Fear Nár Saolaíodh Riamh — ar chomhráití a bhí idir an bheirt agus an t-athair ag iarraidh ciall a bhaint as an ngalar a bhí ag déanamh tinnis dó agus ceisteanna ar nós cad a tharlaíonn dúinn tar éis an bháis.

Mhínigh Rosenstock dá mhac go raibh sé tógtha go mór leis an líne as an iomann, Ag Críost an Síol, ‘ní críoch ach ath-fhás’ agus fuair siad spreagadh d’ainm an chláir ó scríbhinní an fhealsaimh Indiaigh, Osho, a dúirt ‘never born, never died’.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
9 Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds