Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
D’FHÉADFADH GO LEOR rudaí éagsúla bheith i gceist le huasghrádú fuinnimh tí a chur i gcrích, ach is é rud amháin is brí leis gan dabht ná raon leathan tairbhí duit féin agus do do theaghais.
Tá Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) ann chun cuidiú leat leas a bhaint as na buntáistí iomadúla a bhíonn ina dtoradh ar éifeachtúlacht fuinnimh do thí a fheabhsú.
Is féidir le húinéirí tí compord a dtithe a mhéadú go suntasach agus a mbillí fuinnimh a laghdú trí infheistíocht a dhéanamh in uasghráduithe fuinnimh tí. Idir chéimeanna simplí amhail insliú áiléir agus ballaí agus teaschaidéal a úsáid le héirí saor ó bhreoslaí iontaise, is féidir le SEAI cuidiú leat ionas go n-éireoidh leat trí raon tacaíochtaí agus deontas.
Féach ar an bhfíseán thíos chun níos mó a fháil amach faoi na buntáistí atá le baint amach agat mar thoradh ar uasghráduithe fuinnimh tí, agus conas is féidir le SEAI cuidiú leat an leas is fearr a bhaint astu.
Chomh maith le deontais SEAI, is féidir leat leas a bhaint as iasacht ísealchostais arna tacú ag an Rialtas le haghaidh Uasghráduithe Fuinnimh Tí, atá ar tairiscint ag Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI)
Baineann úinéirí tí a uasghrádaíonn a dtithe leas go gasta as na tairbhí a ghabhann le compord níos mó agus billí fuinnimh níos ísle. Tríd an áiléar agus na ballaí dá gcuid a insliú, coinníonn siad an teas istigh agus déanann siad deimhin de go mbíonn a dteach níos teo nuair a bhíonn sé ag éirí sé níos fuaire lasmuigh.
Chomh maith le compord agus le coigilteas níos mó, tá úinéirí tí ag déanamh a gcion féin ar son an chomhshaoil trína lorg carbóin a laghdú trí thithe atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Agus de réir mar a tharlaíonn le feabhsúcháin tí uile, cuireann tú le luach do thí le rátáil RFF (Rátáil Fuinnimh Foirgnimh) níos fearr.
Maidir le húinéirí tí atá ag iarraidh uasghráduithe iomadúla a dhéanamh d’aon iarraidh amháin, ba chóir dóibh smaoineamh ar sheirbhís Ionaid ilfhreastail de chuid SEAI. Leis sin, cuirtear réiteach iomlán ar fáil maidir le huasghrádú fuinnimh tí trína ndéanann Ionad Ilfhreastail an tionscadal dá gcuid a bhainistiú ó thús go deireadh, agus an t-iarratas ar dheontas san áireamh. Chomh maith leis sin, cinnteoidh siad go mbainfear luach roimh ré an deontais de chostas na n-oibreacha freisin.
Maidir le húinéirí tí atá ag iarraidh uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh thar thréimhse ama, tá réimse deontas uasghrádaithe fuinnimh curtha ar fáil ag SEAI, lena dtugtar solúbthacht níos mó chun na huasghráduithe a roghnú a oireann do bhuiséid agus do riachtanais.
Tabhair cuairt ar SEAI ar líne chun deiseanna uasghrádaithe fuinnimh tí eile a iniúchadh agus chun níos mó a fháil amach faoi thairbhí na n-uasghráduithe sin duit féin agus do do theach.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say