We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Beidh leaganacha as Gaeilge d'amhráin Phoebe Bridgers á chur i láthair ag an ocáid 'Amhráin na Gealaí' le linn IMRAM 2025., Alamy Stock Photo

Ó Bob Dylan go Phoebe Bridgers, tá Imram ag treabhadh i ngort nua do litríocht na Gaeilge

Tugann suim dhaoine óga sa toghchán don Uachtaránacht léargas freisin ar a suim sa Ghaeilge, dar le stiurthóir fhéile litríochta Gaeilge, Imram.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

BOB DYLAN, TAYLOR Swift, Leonard Cohen, Joni Mitchell agus, anois, Phoebe Bridgers.  Is iad seo cuid de na réaltaí ceoil atá Imram, féile litríochta Bhaile Átha Cliath, tar éis mór léirithe ceoil a chur os comhair an phobail le h-amhránaithe Gaelacha ag canadh leaganacha Gaeilge d’amhráin na mór réalta.

Le linn eagrán na bliana seo d’Imram tá Dairena Ní Chinnéide agus Caitríona Ní Chléirchín tar éis roinnt d’amhráin aitheanta Bridgers a aistriú go Gaeilge agus beidh na h-amhráin seo á gcanadh ag an amhránaí Feirsteach Aoibha ag léiriú, Amhráin na Gealaí, a bheidh ar an ardán sa Smock Alley Theatre ar 22 Samhain. 

Beidh Imram, a thosnaigh i 2004, ag cur tús lena fhéile is déanaí atá mar sprioc aige litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, ar an Satharn beag seo. 

Ar an oíche sin beidh mór oíche filíochta agus ceoil ag a mbeidh Louis de Paor ag aithris óna chnuasach, Cé A Mharaigh Emma Ní Mhathúna agus Máire Dinny Wren ag léamh óna saothair I Muinín na nDúl. Macdara Ó Faoláin, ceoltóir óg na bliana ag Gradaim Ceoil TG4 anuraidh, a bheidh ag seinnt ar an oíche. 

Ag filleadh ar Taylor Swift agus Phoebe Bridgers, tá stiurthóir Imram, Liam Carson, den tuairim go bhfuil tograí dá leithéid ag mealladh lucht féachana nua i dtreo na Gaeilge.

“Ag tionscnamh Taylor Swift anuraidh líon muid Amharclann an Pavillion i nDún Laoghaire dhá oíche i ndiaidh a chéile,” dúirt sé.  

Dar le Liam, atá cáil air féin as a fhilíocht, b’fhianaise an slua mór dhaoine óga a tháinig amach le tacú le feachtas toghcháin Catherine Connolly as ucht a cuid Gaeilge, an suim sa teanga atá múscailte ina measc. 

“Bhi dream i bhfad níos óige amuigh ansin, níl náire orthu faoin nGaeilge, tá siad bródúil as an Ghaeilge atá acu, bhí go leor acu sna fichidí.

 ”Feiceann tú Kneecap, ar chlár na féile i mbliana tá oíche hip hop Gaelach againn, beidh filí againn ar nós Séamus Barra Ó Súilleabháin, Ciara Ní É agus Julie Goo.”

Cé gur beag an ceangal a shamhlódh daoine idir leaganacha Gaeilge d’amhráin ó réaltaí cheoil i saol an Bhéarla nó hip hop as Gaeilge, tá Carson den tuairim go bhfuil go bhfiul na léirithe Ghaeilge d’amhráin Dylan, Swift agus Bridger ina shamplaí de litriocht is ealaíon as an nua iad féin agus go bhfuil sin agus an hip hop ag mealladh daoine óga i dtreo na féile.  

Ceist eile arís an bhfuil sin ag cruthú níos mó leitheoirí do litríocht na Gaeilge, d’admhaigh sé. 

‘Tá daoine ann le Gaeilge agus you know b’fhéidir nach bhfuil siad ag léamh leabharthaí Gaeilge ach tá an síol curtha sa talamh ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag caint i nGaeilge.”

Tá imeachtaí éagsúla á reachtáil le linn na féile a bheidh ar bun idir an Satharn beag seo agus deireadh na míosa.  I measc na mbuaicphointi, beidh an tOllamh Michael Cronin ag cur fé agallamh an scríbhneoir, file agus údar don aos óg, Áine Ní Ghlinn ag ócáid i Books Upstairs ar an Luan, 17 Samhain. 

Ócáid eile ar fiú é a nótáil sa dhialann ná oíche tiomnaithe don gcailleach.  Tá Imram tar éis a iarraidh ar Dhairena Ní Chinnéide, Laoighseach Ní Choistealbha, Eithne Ní Ghallchobhair agus an fhile Albanach Caitrìona Lexy Campbell a choimisiniú chun filíocht nua a scríobh in omós don gcailleach.  Beidh an amhránaí Conallach, Rois, ag canadh ag an ócáid agus beidh taispeántas ilmheán ag Margaret Lonergan ag an ócáid freisin a bheidh ar siúl ag 19 Sráid Dawson ar an Mháirt, 18 Samhain. 

Cuireann na taispeántais ilmheáin go mór le chomh h-eifeachtach is a bhíonn na léirithe ar leith seo nó bíonn an lucht féachana ábalta an litríocht a leanúint agus i gcás oícheannta Taylor Swift agus Phoebe Bridgers, canadh in éineacht. 

Tá sraith léachtanna as Béárla á dtabhairt freisin le linn Imram chun léargas a thabhairt do phobal níos leithne ar litríocht na Gaeilge agus i measc na léachtaí seo beidh caint ón úrscéalaí is colúnaí Ghaeilge, Alan Titley, dar teideal Neither Shillelaghs nor Shamrock – the other Irish novel.

Deir an Titlíoch go bhfuil breis is 300 úrscéal as Gaeilge foilsithe ó cuireadh i gcló Séadna ó pheann an tAthair Peadar Ó Laoghaire  ag deireadh an 19ú aois agus ag a léacht i Leabharlann Lexicon ar 10rn an gCéadaoin, 19 Samhain, beidh sé ag tabhairt a léirmheas ar na leabhair seo mar a bheadh ina linn féin agus trí shúile an leitheora inniu.

Is féidir eolas iomlán a fháil faoi Imram a bheidh ar siúl in ionaid éagsúla timpeall Bhaile Átha Cliath idir 8-23 Samhain a fháil ar an suíomh idirlín

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds