Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ SÉ DEARBHAITHE ag Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil fiosrú ar bun faoin leagan mícheart de sheanfhocal Ghaeilge atá mar chuid den dearadh ar an mbothán rothair ag Osbidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí, an both a chosain €127,385 de réir eolais a tugadh chun solais an tseachtain seo.
Tá sé le tabhairt faoi ndeara go bhfuil an leagan mícheart den seanfhocal Gaeilge, ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’ mar chuid den dearadh atá ar phánaí gloine atá timpeall an áit ina bhfuil na rothair suite. An leagan atá ar an mboth nua seo ná ‘Is fearr an tsláinte ná an táinte’.
I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal inniu, dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga, go raibh dualgas ar gach comhlacht poiblí aon chomhartha a chrochann siad nó a crochtar thar a gceann, a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla agus go raibh treoirlínte a thréisíonn an chomhairle maidir le tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus go leor eile le fáil in ionstraim reachtúil ó 2008.
“Tá an cheist curtha ar aghaidh chuig rannóg na nGearán agus fiosrófar an cheist leis an gcomhlacht poiblí atá i gceist,” dúirt an urlabhraí.
I bhfreagra ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dúradh nár baineadh úsáid as comhlacht aistriúcháin gairmiúil chun na leaganacha Gaeilge a chuir ar fáil.
“Tá Osbidéal Ollscoile Chiarraí ar an eolas faoin mbotún seo agus is údar aiféala é,” dúradh. “Is amhlaidh gur botún cló a raibh ann.”
Dúirt Pa Daly, Teachta Dála Shinn Féin atá lonnaithe i dTrá Lí, gurb é an ceist ba mhó faoin mboth ná an chostas a bhain leis. “É sin ráite, nuair atá an oiread san airgid á chaitheamh air, ba cheart go mbeadh an Ghaeilge i gceart,” dúirt sé.
Thug sé chun cuimhne go raibh raic le déanaí mar gheall ar an gcomharthaíocht nua in Aerfort Chiarraí mar nár crochadh ach comharthaíocht as Béarla, gan aon comharthaíocht as Gaeilge.
Ní h-amháin nár léir gur íocadh aon chuid den €127,385 ar chomhairle a lorg chun a bheith cinnte go raibh na leaganacha cearta de na seanfhocail á n-úsáid, tá Osbidéal Ollscoile Chiarraí suite i gceann des báilte is Gaelaí in Éirinn taobh amuigh den nGaeltacht.
Is baile seirbhíse Gaeltachta é Trá Lí agus tá Oifigeach Forbartha Gaeilge ag obair sa bhaile le beagnach dhá bhliain. Dúirt Michelle Nic Gabhann le The Journal nár iarradh comhairle uirthí maidir leis an nGaeilge ar an mboth rothar.
Tá Oifigeach Gaeilge ag Comhairle Chontae Chiarraí atá ceannaras acu i dTrá Lí. Dúirt Aodán Mac Gearailt inniu ná raibh comhairle lorgtha air maidir leis an dearadh ar an mboth agus dúirt sé gur “másla’ abea é go raibh an leagan mícheart seo den seanfhocal mar mhaisiú ar an mboth in éineacht le seanfhocail Ghaeilge eile.
Tá Gaelcholáiste Chiarraí suite sa bhaile agus tá ceann de na bunscoileanna lán Ghaeilge is sean bhunaithe sa tír ann freisin, Gaelscoil Mhic Easmainn. Is beag dalta ón dtinreamh ar an dhá scoil sin nach mbeadh ábalta an chomhairle cheart a chuir ar dhearthóirí an bhoth rothair.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say