Tá Lidl ag díol 'scadán carraige' nach ronnach é i ndáiríre – cad atá ar siúl?

Mar gheall ar ró-iascaireacht dhian, tá an ronnach Atlantach á chur i mbaol a thitime. Anois, tá an ghéarchéim le feiceáil ar sheilfeanna na n-ollmhargaí.

SEANS GUR THÁINIG daoine ar mian leo iasc i gcanna ar tháirge nua ar sheilfeanna na n-ollmhargadh – scadán carraige.

Cé go bhfuil ainm comhchosúil air agus go bhfuil sé le feiceáil in éineacht le ronnach, is speiceas difriúil é an scadán carraige. Tá an dá chineál á dhíol ag Lidl taobh le taobh agus dúirt sé le The Journal go bhfuil siad ag
aistriú a earra ronnach i gcanna go scadán carraige ón tSile.

Mar sin, cad atá ar siúl?

Mar gheall ar stoic ronnaigh Atlantaigh a bheith ag titim go tobann, de bharr ró-iascaireacht dhian, tá tréaniarracht á déanamh ag miondíoltóirí roghanna eile a fháil, agus tá roinnt ollmhargaí sa Ríocht Aontaithe, agus brainse na hÉireann de Lidl anois ag cur scadán carraige lena liostaí táirgí.

IMG_8922 (1) Spot the difference: mackerel and jack mackerel in a branch of Lidl this week. The Journal The Journal

Speiceas difriúil

Tagann an scadán carraige, arb é Trachurus symmetricus a ainm Laidineach, agus a dtugtar “bolmán air freisin — as dheisceart an Aigéin Chiúin. Tagann an t-iasc a dtugann muintir na hÉireann ronnach air de ghnáth, Scomber scombrus, as an Atlantach thoir thuaidh.

Is iasc olúil a bhfuil an-tóir air an ronnach Atlantach, agus is minic a mheastar gur “sár-bhia” inacmhainne é mar gheall ar a chuid airíonna sláintiúla. Tá mórán aigéid shailleacha óimige-3 agus próitéine ann.

Tá níos lú óimige-3 sa scadán carraige agus tá blas difriúil air, ós rud é go bhfuil i bhfad níos lú saille ann.

Tá mearbhall éigin curtha ag Lidl ar an scéal trí lipéad “ard i bpróitéin” a chur ar a scadán carraige i gcanna, in ainneoin go bhfuil 17g próitéine in aghaidh an 100g ann, agus tá 20.9g sa ronnach Atlantach. Tá sé ag gearradh €1.25 ar scadán carraige in ola olóige agus 95 cent ar an ronnach Atlantach in ola lus na gréine.

Bhlais The Journal cannaí de gach ceann, agus cheapamar go raibh an scadán carraige deas go leor, cé go raibh sé níos righne agus nach raibh cuma chomh tarraingteach air, ach b’fhearr le cuid againn blas an ronnaigh Atlantaigh ar an iomlán.

MixCollage-18-Sep-2026-01-12-PM-4478 Ronnach Atlantach agus scadán carraige Alamy Alamy

Tá difríocht ríthábhachtach eile ann a d’fhéadfadh tomhaltóirí a mhealladh chuig an scadán carraige: murab ionann agus an ronnach Atlantach, tá sé deimhnithe mar a bheith inbhuanaithe ag an gComhairle Maoirseachta Mara (MSC). Taispeántar an deimhniú sin go feiceálach ar channa Lidl.

Is eagraíocht neamhbhrabúis é an MSC a chuireann inbhuanaitheacht comhshaoil ​​chun cinn sa tionscal iascaireachta. Bhain sé a dheimhniú ón ronnach Atlantach in 2019 mar gheall ar ró-iascaireacht.

Deir an eagraíocht neamhrialtasach go bhfuil an scadán carraige “cosúil leis an ronnach Atlantach ó thaobh blais agus uigeachta de, agus go bhfuil cion ard óimige-3 ann freisin.Dúirt Lidl Ireland go raibh sé tiomanta d’iasc a fháil ó iascach a bhainistítear go freagrach, agus go gcomhlíonann a ronnach ar fad na ceanglais foinsithe toisc gur gabhadh é le linn clár feabhsúcháin iascaigh.

‘Cosúil le tósta gan im’

Dúirt John Shine, ó Shines Seafood, soláthraí éisc atá lonnaithe i nDún na nGall agus táirgeoir éisc agus éisc i gcanna, gurb é an ronnach Atlantach an “ronnach is mó tóir” i dtéarmaí ronnach ardchaighdeáin, mar gheall ar an gcion ard saille atá ann.

Dúirt sé i gcomparáid le scadán carraige a ithe go raibh sé cosúil le tósta a ithe gan im.

PastedImage-66374 John Shine. Shines Seafood Shines Seafood

Tá an tionscal iascaireachta in Éirinn sa réimse is deacra maidir le hinbhuanaitheacht an ronnaigh. Thug an earnáil rabhadh go ndéanfaí é a scriosadh mar gheall go ndearnadh an tAontas laghdú 70% ar an gcuóta ronnach i mí na Nollag seo caite, i gcomhréir le comhairle eolaíoch.

I ndiaidh do thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, amhail an Ríocht Aontaithe agus an Iorua, teorainn gabhála a shocrú a bhí i bhfad níos airde ná an chomhairle eolaíoch, áfach, ghabh an tAontas Eorpach féin siar óna chinneadh tosaigh agus shocraigh sé cuóta níos flaithiúla dó féin ar aon dul le cuótaí a chomharsan.

Nuair a chuirtear gabhálacha na Graonlainne agus na Rúise san áireamh, bhí an ghabháil iomlán mheasta ronnaigh do 2026 143% os cionn na comhairle eolaíche, dar leis an gCiste Domhanda Fiadhúlra (WWF), eagraíocht neamhrialtasach comhshaoil.

“Lena leithéid de leibhéal gabhála nach bhfuil inbhuanaithe, tá méadú gníomhach á dhéanamh ag stáit chósta ar an mbaol go dtitfeadh an t-éiceachóras as a chéile,” a dúirt an WWF le The Journal.

Dúirt Shine go raibh iascairí na hÉireann ag íoc as an ró-iascaireacht atá á déanamh ag tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach in uiscí idirnáisiúnta, agus go raibh an milleán á chur orthu aisti.

“Tá formhór na ngnólachtaí sin a bhíonn i mbun gabhála nó próiseála [ronnach] ar a gceithre bonn,”a dúirt Shine.

Dúirt sé gur cheart bradán na hIorua a bhaghcatáil go dtí go nglacfaidh sí páirt i bplé agus in idirbheartaíocht maidir le cuótaí cothroma.

Luaigh Shine go bhfuil laghdú mór tagtha freisin ar ghabháil an scadáin carraige ón tSile de bharr El Niño láidir, feiniméan aeráide láidir a théann i gcion ar theochtaí dhromchla na farraige sa Aigéan Ciúin trópaiceach.

Thug an WWF rabhadh go bhféadfadh an chomhairle eolaíoch, ar cheart cuótaí an Aontais Eorpaigh a shocrú ina leith, a mholadh go fóill gan aon ronnach a ghabháil sa bhliain 2027.

Dúradh go gcaithfidh rialtais beart a dhéanamh anois le hullmhú chun iascairí, mórdhíoltóirí, monarchana channadóireachta agus calafoirt teacht i dtír a chosaint.

Mura ndéantar beart chun dul i ngleic leis na drochiarmhairt socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar mholadh gan aon ghabháil a cheadú, beidh brú níos mó fós ann diúltú don chomhairle eolaíoch. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le timthriall díobhálach ina socródh tíortha teorainneacha gabhála atá os cionn na leibhéil mholta arís, a dúirt an WWF.

This article was translated from the English version by professional translators in DCU Language Services. Click here for the English-language version of this story. 

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds