Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)
MHAITHFÍ DO THIOMÁNAITHE dá mbeadh meascán mearaí orthu agus iad ag gabháil an bhóthar i Scairbh na gCaorach i gContae Mhúineacháin nó tá comhartha luais crochta in airde ag tabhairt le fios i nGaeilge go bhfuil siad i gCo na hIarmhí ach is é “Co. Monaghan” atá scríte i mBéarla ar an gcomhartha céanna.
Níl an sráidbhaile, Scairbh na gCaorach, ach 41km ó Chontae Thír Eoghain ach tá sé 123 km ó Chontae na hIarmhí.
Is í an comhairleoir contae i Múineachán, Niamh McCooey, a thug chun solais an earráid tar éis gur chuir gníomhaithe Ghaeilge a raibh ag obair ar fheachtas AthGhaelú Chonradh na Gaeilge sa cheantar ar a súile an comhartha fabhtach.
Dúirt an t-ionadaí tofa ó Shinn Féin le The Journal gur chuir sé iontas uirthí go raibh an oiread san airde tarraingthe ag an bpostáil a rinne sí ar a h-ardáin meáin soisíalta.
“Bhí mo theanga i mo phluic agam agus mé ag postáil seo mar níor thuig mé an tarrac a bheadh air,” dúirt sí. “Ach tá teachtaireacht tábhachtach ar a chúl – is é sin nár cheart go bhfagfaí ceist na Gaeilge chun deiridh agus sinn ag beartú nithe éagsúla oifigiúla.
“Ní mór go mbeadh plean in áit agus go ndéanfaí dícheall cuí, agus go ndéanfaí seiceáil go cúramach le cinntiú nach dtarlódh a léithéid arís nó táim cinnte go bhfuil go leor comharthaí míchearta eile ar fud an oileáin.
“Ba cheart go mbeadh an cur chuige seo i bhfeidhm laistigh de Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ/TII) nó is orthu a thiteann an freagracht ag deireadh maidir le comharthaíocht do bhóithre náisiúnta a fhaomhadh,” dúirt sí.
Mhol sí iarrachtaí an údaráis áitiúil go h-ard. “Le bheith cothrom don gComhairle Contae, tá an dul chun cínn á dhéanamh maidir leis an teanga agus beidh Oifigeach Ghaeilge á cheapadh go luath,” dúirt sí.
Dhearbhaigh urlabhraí ó Chomhairle Chontae Múineacháin gurb iad BIÉ a chroch an chomhartha fabhtach sa chás seo.
“Tá Comhairle Chontae Mhúineacháin tar éis an botún a thuairisciú agus tá BIÉ/TII tar éis a dhearbhú go gcuirfidh siad comhartha nua in airde roimh dheireadh na míosa.”
Tá ráiteas iarrtha ar an BIÉ/TII ag The Journal.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil.
To embed this post, copy the code below on your site
have your say