Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ IARRTHÓIR FHINE Gael, an Seanadóir Seán Kyne, srón chun tosaigh ar Noel Thomas ó Éire Neamhspleach/Independent Ireland sa rás chun an fholúntas a d’fhág toghchán Catherine Connolly ina hUachtarán a líonadh, tá sé tugtha le fios i bpobalbhreith nua ó TG4 agus an Irish Times a foilsíodh anocht.
Is é Kyne, a bhí ina Theachta Dála agus ina Phríomh-Aoire ar an Rialtas, atá chun tosaigh le 17% de na roghanna a rinneadh 530 vótóir sa phobalbhreith a rinne IPSOS/B&A idir an Aoine seo caite agus Máirt na seachtaine seo.
Tá Thomas, a chríochnaigh sa séú háit ag an olltoghchán agus gan ach cúig shuíochán i nGaillimh Thiar, ar 16% agus iarrthóir an Lucht Oibre ar 12% – Helen Ogbu – is fearr atá ag cruthú i measc iarrthóirí an éite clé.
Tá Míde Nic Fhionnlaoich, ar cainteoir dúchais Gaeilge í ó Leitir Móir, ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta agus ise ar 9%, Cillian Keane (Fianna Fáil) ar 8%, Mike Cubbard (Neamhspleach) agus Mark Lohan (Sinn Féin) ar 7%, is Niall Murphy ón gComhaontas Glas agus Thomas Welby (Neamhspleach) ar 6%.
Tá Orla Nugent, iarrthóir Aontú, ar 4% de réir an tsuirbhé agus Sheila Garrity – an t-iarrthóir a roghnaigh lucht tacaíochta Catherine Connolly lena brat neamhspleach a iompar – ar 3%. Is é Denman Rooke atá ag seasamh ar son Pobal Roimh Brabhús agus tá seisean ar 2%.
D’iarr an phobalbhreith ar vótóirí cé dó a thabharfadh siad an dara rogha agus fuair Kyne 15% acu seo, go maith chun tosaigh ar Thomas ach aon chéatadán amháin chun tosaigh ar Welby a fuair 14% de na vótaí dara rogha.
Beidh torthaí phobalbhreith TG4 agus an Irish Times i mBaile Átha Cliath Láir an Déardaoin seo chugainn, 14 Bealtaine.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site
have your say