We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Peig Sayers ar an mBlascaod Mhór. Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Peig, an cailín nach raibh ciúin, á tabhairt chun cuimhne 90 bliain ó foilsíodh scéal a saoil

Tá léargas nua ag teacht chun tosaigh faoi Pheig Sayers 90 bliain ó foilsíodh a leabhar a raibh ar chúrsa na hArd Teiste go dtí lár na 90í.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this story here.

CÉ GO RAIBH an leabhar dírbheathaisnéise, Peig, ina chrá croí ag sciar de ghlúinte daltaí meánscoile a rinne staidéar air don Ardteist go dtí lár na 90idí, tá fianaise go fóill ag teacht chun solais a léiríonn gur bean cheannródach ab ea í a thug guth do mhná na Gaeltachta nach raibh acu roimhe sin.

Tá Mairéad ‘Peig’ Sayers a rugadh in 1873 á tabhairt chun cuimhne an mhí seo nó is i mí Iúil na bliana 1936 a céadfoilsíodh a leabhar, saothar inar chuir sí síos ar a beatha, an saol cruaigh a raibh aici óna hóige i nDún Chaoin agus a saol ar an oileán agus a filleadh arís go dtí an mhíntír.

7afa0aa9-60e4-4600-89e4-f02e5ec597a1 Foilsíodh Peig don gcéad uair i mí Iúil 1936 agus is é seo clúdach an eagráin sin Ionad an Bhlascaoid Mhór Ionad an Bhlascaoid Mhór

Tá a saol á tabhairt chun cuimhne freisin in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin, an pobal Gaeltachta inar rugadh agus ar tógadh í, a fuair bronntanas ar leith le seachtain anuas — cóip den gcéad eagrán de Peig.

“Táimid an-bhuíoch ar fad do Chaitlín Nic Amhlaigh a thug an leabhar luachmhar seo dhúinn,” dúirt Lorcán Ó Cinnéide, stiúrthóir an Ionaid, le The Journal. Iarmhúinteoir í an deontóir ó Chorca Dhuibhne ó dhúchas atá anois ina cónaí i mBaile Átha Seanaidh i dTír Chonaill. Mhínigh Ó Cinnéide go raibh tábhacht ar leith leis an leabhar mar gheall gurb é an chéad saothar dá leithéid a thug guth do bhean Gaeltachta.

“Déanann an fhordhuilleog cur síos ar Pheig mar seo — ‘bean den gnáthmhuintir, Peig Sayers, an t-údar, ach bean neamhchoitianta í ar a feabhas chun scéalaíochta, ar a greann agus a suáilce d’ainneoin an chruatan a d’fhulaing sí, is ar a fealsúnacht i dtaobh cúrsaí saoil is ama.’”

Thug sé chun cuimhne freisin an méid a dúirt a athair féin, an file Caoimhín Ó Cinnéide, a raibh aithne aige ar Pheig go háirithe i dtreo dheireadh a saoil, faoin mbean. “Dúirt sé liomsa: bean mhór thufála, lán de chraic, lán d’eascainí agus lán de spiorad ab ea í,” dúirt sé.

“D’aithneofá go rabhais, déarfaimid, i láthair duine éigin go raibh seasamh aici, go raibh údarás aici agus rud le rá aici agus nach raibh aon leisce uirthi é a rá. Léamh é sin atá difriúil ar fad ar an saghas tuisceana a raibh ag daoine ón leabhar.”

Dúirt sé gur ó Pheig a tháinig an chnuasach is mó de scéalta atá i gcartlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus dúirt go raibh na céadta cóipeanna dá leabhar á ndíol gach bliain ag Ionad an Bhlascaoid, go háirithe an leagan Béarla.

Cé gur deineadh go leor cláracha teilifíse agus raidió is taighde is scríobh faoi Pheig, dúirt Ó Cinnéide nár deineadh aon iarracht scannán dramatúil a dhéanamh faoina saol.

“Is mó cainte a bhí ar scannán a dhéanamh faoi leithéidí ‘Fiche Bliain ag Fás’ — leabhar Mhuiris Uí Shúilleabháin — agus bhí script déanta faoi sin ag an bhfile Dylan Thomas,” dúirt sé.

Bhí An Cailín Ciúin againn roimhe seo agus an-tarraingt air — inseoidh an aimsir cé acu an mbeidh scannán dramatúil againn faoi Pheig, an cailín nach raibh ciúin, bean atá a glór á léamh go fóill beagnach 100 bliain tar éis do imeacht i gcló!

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds