We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Sobal TG4, Ros na Rún, ag leanúint sna sála ar House of Guinness le fotheidil as Gaeilge

Beidh deis ag lucht leanta Ros na Rún faire ar shobal dhráma rathúil TG4 le fotheidil as Gaeilge nó as Béarla agus deirtear go mbeidh an rogha sin á chur ar fáil ar chláracha eile amach anseo.

(Seo alt ónár bhfoireann Gaeltachta. Is féidir an bunleagan as Gaeilge a léamh anseo)

TÁ FOTHEIDIL AS Béarla ar shraith dhrámaí is cláracha eile ag TG4 le fada an lá ach, ag tosnú an tseachtain seo, tá rogha idir fotheidil as Gaeilge nó as Béarla le fáil ar Ros na Rún, sobal rathúil an chainéil.

Is éileamh é seo ag sciar de lucht féachana an tsobail ón tús beagnach – nuair a craoladh den chéad uair é agus TG4 (Teilifís na Gaeilge mar a bhí) ag teacht ar an aer i 1996 – ach is an tseachtain seo a cuireadh an rogha ar fáil den gcéad uair.

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, le The Journal go raibh go leor fianaise ann anois nach gcuireann fotheidil isteach ar thaithí an lucht féachana, agus luaigh sí go raibh go leor daoine ag faire ar chláracha ar sheirbhísí sruthaithe ar nós Netflix is eile le fotheidil.

Ní chuireann na fotheidil as do dhaoine, is cuma cén teanga, agus tá Netflix anois ag cur leaganacha ar fáil i ngach teanga le roinnt mhaith le House of Guinness agus How to Get to Heaven from Belfast.

Dúirt sí go gcuideodh na fotheidil as Gaeilge le hinrochtaineacht do dhaoine agus go mbeadh siad ina gcabhair freisin d’fhoghlaimeoirí. Thagair sí freisin don taithí níos cóngaraí don mbaile nó bhunaigh TG4 ardán ar líne a scaipeann scéalta ó na pobail Gaeltachta agus comhluadair Ghaeilge ar fud na tíre.

“Nuair a bhunaigh muid Molscéal, rinne muid cinneadh go mbeadh na fotheidil i nGaeilge amháin air sin mar tacaíonn sin leis an teanga bheith feiceálach ar na meáin shóisialta.

“Fuair muid amach ina dhiaidh sin go raibh go leor foghlaimeoirí ag úsáid Molscéal mar go raibh siad in ann bheith ag éisteacht agus ag breathnú agus ag léamh ag an am céanna agus gur chabhraigh sin le sealbhú teanga.”

Tagann an fhorbairt seo roinnt míonna tar éis gur thosnaigh TG4 ag cur eagrán Ros na Rún ar fáil ar sheinnteoir an chraoltóra roimh a gcraoladh ar an gcainéal teilifíse. Is féidir amharc ar Ros na Rún ar an seinnteoir gach Luan – roimh eagrán na Máirte ar TG4 – agus bíonn an dara eipeasóid den tseachtain ar an seinnteoir ar an gCéadaoin, nuair nach mbeidh sé ar fáil ar an teilifís go dtí Déardaoin.

Anois beidh rogha d’fhotheidil Ghaeilge nó Bhéarla ar fáil leis na heagráin sruthaithe ar an Luan agus an Céadaoin. Cé go leanfaidh fotheidil Béarla ar na heipeasóid a chraolfar ar an Máirt agus an Déardaoin ag 20.30, beidh fotheidil as Gaeilge ar athchraoltaí a bheidh á gcraoladh níos déanaí ag 23.30 ar na hoícheanta céanna ar TG4. Beidh fotheidil as Gaeilge freisin ar an ollchlár a chraoltar gach Domhnach ar TG4.

I ráiteas a d’eisigh an stáisiún, dúradh gur cuid de straitéis leanúnach TG4 ab ea an beartas seo chun “ábhar atá neodrach ó thaobh ardáin a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir leis an lucht féachana na cláir is fearr leo a fháil ar éileamh, am ar bith a dtogróidh siad, áit ar bith a dtogróidh siad”.

“Tá lucht féachana dílis agus rialta ag Ros na Rún ar Sheinnteoir TG4, agus de réir mar atá athrú ag teacht ar na bealaí a mbíonn daoine ag féachaint ar ábhar, tá TG4 tiomanta do fhreastal ar riachtanais an chuid sin den lucht féachana a shocraíonn breathnú ar ábhar ag am a oireann dóibh féin – bíodh sin ar líne, ar an bhfón, nó ar theilifís chliste.”

Dúirt Ní Choistín freisin go raibh costas ar an obair seo atá á dhéanamh ag comhlacht a bhfuil conradh aige chun na fotheidil a chur ar fáil.

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhógra TG4 maidir le fotheidil.  I ráiteas, dúirt urlabhraí gur léirigh sé an dúil sa bhreis is an lucht féachana méadaithe dá réir do chláracha as Gaeilge ar an dteiliís.

“Is rud é seo atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada an lá,” dúirt an urlabhraí. “Cuirfidh an cinneadh seo ábhar TG4 ar fáil do lucht féachana níos leithne agus cuirfidh sé leis an méadú atá tagtha ar lucht féachana an chainéil bliain i ndiaidh bliana.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil    

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
JournalTv
News in 60 seconds