We need your help now

Support from readers like you keeps The Journal open.

You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough.

If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it.

Bwidh pleán gniomhaíochta chun an Ghaeilge a fheabhsú sa tSeirbhís Phoiblí á fhoilsiú amárach (Dé Máirt) ag an Aire Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Dara Calleary. Leah Farrell

Conclúidí faoi phleanáil teanga san áireamh i bplean eile Rialtais don Ghaeilge: Aire Calleary

Tá imní léirithe i dtuarascáil faoi phleanáil teanga sa Ghaeltacht go bhfuil laghdú líon na gcainteoirí Ghaeilge ann ag cur i mbaol sprioc an Rialtais maidir leis an Ghaeilge sa Seirbhís Phoiblí.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here.)

TÁ PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA an Rialtais maidir le feabhas a chur ar an bhfreastal a bhfaigheann an phobal trí Ghaeilge ón Seirbhís Phoiblí le foilsiú ag meán lae inniu, tar éis go ndéanfaidh an Chomhaireacht an chaipéis a phlé ag a gcruinniú seachtainiúil. 

Thug Dara Calleary, an tAire Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an méid seo le fios agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné faoin dtuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo chaite faoi fheidhmiú deich gcinn de phleananna teanga i gceantair Gaeltachta ar fud na tíre.

Bhí feitheamh fada ar an dtuarascáil céanna ina ndeintear dhá scór mholadh faoin slí go bhféadfadh an Stát tacú níos fearr le feidhmiú na bpleananna teanga sna ceantair éagsúla. Séard atá i gceist le na pleananna teanga ná scéimeanna i gceantair Gaeltachta chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a éascú i measc an phobail. 

I measc na gconclúidí atá sa tuarascáil ag na h-údair a rinne iniúchadh ar conas ar éirigh le na pleananna teanga i ndeich limistéir pleanála teanga(LPT) dúradh go raibh go leor cosúlachtaí idir na limistéir éagsúla cé go raibh siad lonnaithe in áiteanna éagsúla ar fud na tíre.

Tugadh súntas do “dlús leis an titim sa daonra, ceannas an Bhéarla, mionlú na Gaeilge, díothacht eacnamaíochta agus easpa acmhainní agus infheistíochta i measc cosúlachtaí eile”.

Dúradh freisin sa chaipéis 280 leathnach gur léirigh an fhianaise go raibh acmhainn luachmhar na Gaeilge sa Ghaeltacht á ligint amú sa mhéid is go raibh sprioc ag an Rialtas 20% d’earcaithe úra sa Seirbhís Phoblí a bheith ina gcainteoirí Ghaeilge faoi 2030.

“In ainneoin gur tháinig méadú ar líon na ndaoine atá in ann Gaeilge a labhairt, go háirithe i measc daoine óga ag aois scolaíochta, tháinig laghdú ar mhinicíocht na húsáide laethúla lasmuigh den chóras oideachais.

“Tháinig laghdú de 2% ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht idir 2016 agus 2022, go háirithe ó aois 30 ar aghaidh.”

Mhol údair na tuairisce, an chomhlacht Barr Feabhais, go mbeadh ‘athrú smaointeoireachta, athrú a chuireann ar gach duine a bheith freagrach as cur chun cinnna Gaeilge, de dhíth má tá ceanneagraíochtaí ÚnaG chun leas a bhaint as an chumas agus as an infreastruchtúr teanga atá ann cheana féin sna 10 LPT Gaeltachta sin chun na treochtaí sin a aisiompú’.

Agus é ag caint ar Adhmaidin, dúirt an Aire Calleary go raibh “cúpla rud difriúil” maidir le cur chuige an Rialtais agus luaigh sé go raibh an suim is mó airgid riamh le €3m sa bhreis faighte ag pleanáil teanga sa bhuiséad don mbliain seo agus, anuas ar sin, go mbeadh plean á fhoilsiú amárach chun feabhas a chur ar fhreastal as Gaeilge na Seirbhíse Phoiblí.

“Beidh mé ag cur Plean Gníomhaíochta Sheirbhísí Phoiblí Ghaeilge ós comhair bórd an Rialtais amárach,” dúirt an Aire, ag míniú go mbeadh a lán de na moltaí atá sa phlean sin ag tagairt do phointí ar luadh sa tuarascáil athbhreithnithe ar phleanáil teanga. 

Thug sé le fios freisin go mbeadh go leor moltaí sa phlean ag leagadh dualgaisí ar údáráis áitiúla agus eile maidir le na seirbhísí Ghaeilge a bheadh le cur ar fáil. 

Dhearbhaigh sé go bhfoilseofaí an plean gníomhaíochta ag meán lae inniu, tar éis do na moltaí ann bheith pléite ag cruinniú seachtainiúil an Rialtais.

B’iad na deich limistéir pleanála teanga a raibh san áireamh sa chéad tuarascáil athbhreithnithe ná An Cheathrú, Árainn Mhór, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Cloich Cheann Fhaola, Conamara Láir,  Gaeltacht na Mí, Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir, Maigh Eo Thuaidh agus na Déise.   Tá 26 limistéir pleanála teanga ann san iomlán agus déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú gach limistéir pleanála teanga de réir a chéile. 

De réir na reachtaíochta tá seacht mblian ag gach limistéir pleanála teanga plean teanga a chur i bhfeidhm.   I ráiteas a d’éisigh Roinn na Gaeltachta an tseachtain seo chaite faoi na h-impléachtaí a eireodh de bharr an moill a raibh ar na h-athbhreithnithe agus téarmaí na bpleananna teanga a bheith ag teacht chun déiridh, dúradh go raibh dhá bhliain sa bhreis á gcur le tréimhsí na bpleananna teanga.

Is iomaí plean nó cáipéis atá foilsithe ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge sa Stat.  I mbliana beidh aitheantas á thabhairt ag Uachtarán na hÉireann d’fhoilsiú Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a tháinig amach i 1926.  Foilsíodh fís an Rialtais maidir leis an nGaeilge i 2006 agus Straitéis 20 Bliain na Gaeilge i 2010. 

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

Readers like you are keeping these stories free for everyone...
A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation.

Close
Comments
This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy here before taking part.
Leave a Comment
    Submit a report
    Please help us understand how this comment violates our community guidelines.
    Thank you for the feedback
    Your feedback has been sent to our team for review.

    Leave a commentcancel

     
    JournalTv
    News in 60 seconds